Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 11:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus a nuáir éireoċus sé súas, brisfiġear a rioġaċt, agus roinnfiġṫear í leaṫ ré ceiṫre ġáoṫaiḃ neiṁe; agus ní dá ṡlioċd féin, nó do réir a ṫíġearnuis noċ do ríaġluiḋ sé: óir tarruingṫar súas a rioġaċt, eaḋon do ḋáoiniḃ oile táoḃ amuiġ ḋíoḃsan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 11:4
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go deiṁin is mar íoṁáiġ ṡiuḃlas a nuile ḋuine: go deiṁin is a ndíoṁaóineas do níd corruġaḋ: cruinniḋ ḋuine maóin, agus ní ḟeadair sé cía ċaiṫfios íad.


Atá áon aṁain ann, agus ní ḃfuil a leiṫéid eile; ni ḃfuil fós leanaḃ nó dearḃraṫair aige: giḋeaḋ ní ḃí críoċ air a ṡaoṫar eile; agus ní ṡástar a ṡúil ré saiḋḃrios; ní mo a deir sé, Cía ḋá ḃfuilim ag sáoṫruġaḋ, agus dá seaċnuim manam ar ṁaiṫ? Is díoṁaóineas so fós, agus, is droċṡáoṫar é.


Agus tiucfa a ccríċ, tar éis a ttairrngṫe amaċ ḋaṁ go ḃfillfiḋ mé, agus go mbía truáiġe agam ḋóiḃ, agus gottiuḃra mé a rís, gaċ uile ḋuine ḋíoḃ ċum a oiġreaċta, agus gaċ áonduine ċum a ḋúiṫċe.


Aċt muna nuṁluiġid síad, tairreonga mé ṫríd amaċ as a ḃreaṁuiḃ agus scriosfeaḋ me an cineaḋ sin, a deir an TIĠEARNA.


Gíḋ bé am a laiḃeora mé attaoḃ ċiniḋ, agus a ttáoḃ rioġaċd, do ṫarruing súas, agus do leagaḋ síos, agus dá scrios;


Agus gleann na ccorp marḃ go hiomlán, agus an luáiṫriḋ, agus na maċairiḋe uile go srúṫ Ċídron, go cornéal ġeata na neaċ don leaṫ ṡoir, béid náoṁṫa don TIĠEARNA; ní ṫairreongṫar a níos íad, ní ṫeilgfiġear sios íad ní sa mbó go bráṫ.


Is marso a déara tú ris, A dúḃairt an TIĠEARNA marso; Féuċ, brisfiḋ mé síos an ní do ċuir mé súas, agus an ní do ṗlannduiġ mé taireonga mé a níos, eaḋon an tírse go hiomlan.


Agus do ḃéara mé ar Elam na ceiṫre gáoṫa ó ċeiṫre háirdiḃ neiṁe, agus sgaóilfiḋ mé íad leaṫ ris na gáoṫaiḃ sin uile; agus ní biáiḋ cineaḋ ar biṫ naċ ttiucfaiḋ díbéarṫuiġ Elam ċuca.


Ann sin a dúḃairt seision riomsa, Tairrġir ċum na gáoiṫe, tairrġir, a ṁic an duine, agus abair ris an ngaóiṫ, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Tárr ó na ceiṫre gáoṫaiḃ, a anál, agus séid ar na marḃuiḃsi, ċor go mbéid beó.


Do laḃair Dániel agus a duḃairt, Do ċonnairc mé ann maisling san noiḋċe, agus, féuċ, do ṫroideadar ceiṫre gáoṫa neiṁe air an ḃfairge ṁóir.


Ná ḋiáiġso do ċonnairc mé, agus féuċ áon oile, aṁuil liopard, agá raiḃ ceiṫre sciaṫáin éin air a ḋruim; ceiṫre cinn fós air an mbeaṫaċ; agus tugaḋ tiġearnas dó.


Do ṁeas mé na haḋarca, agus, féuċ, ṫáinic súas iona measg aḋarc ḃeag oile, roiṁe a raiḃ a trí do na haḋarcaiḃ oile tairngṫe súas as a ḃfréuṁuiḃ: agus, féuċ, annsa naḋaircsi do ḃádar súile cosṁuil ré súiliḃ duine, agus béul ag laḃairt neiṫe móra.


Ar na ḃriseaḋ sin, a náit ar ṡeasadar ceaṫrar súas air a ṡon, seasfuid ceiṫre rioġaċta súas as an ccineaḋ, aċt ní iona cuṁaċdaiḃsion.


Uimesin dfás an poc roṁór: agus an tan do ḃí sé láidir, do briseaḋ a naḋarc ṁór; agus ṫáinic iona háit ceiṫre haḋarca móirṁeasta leaṫ ré ceiṫre gáoṫaiḃ neiṁe.


¶ Ho, ho, tigiḋ amaċ, agus teiṫiḋ ón ttír ṫúaiġ, a deir an TIĠEARNA: óir do leaṫnuiġ misi amaċ ṫú mar ċeiṫre gaoṫa neiṁe, a deir an TIĠEARNA.


Agus do ḟreagair an taingiol agus a duḃairt sé riom, Isiadso ceiṫre spioraid neiṁe, noċ ṫéid amaċ ó ṡeasaṁ a ḃfiaḋnuisi ṪIĠEARNA na talṁan uile.


Aċd an tan do aiṫin Iósa a smúaintiġṫe, a duḃairt sé riu, Gaċ rioġaċd atá roinnte na haġaiḋ féin biáiḋ sí na fásaċ; agus gaċ uile ċaṫair nó teaġ a tá roinnte na aġaiḋ féin ní ṡeasfuiḋ sé:


Agus a duḃairt Diá ris, A amadáin, a noċd féin iárfaid síad hanam ort: agus cia ḃus leis na neiṫe so, do ṡoláṫair tú?


Agus na ḋiáiġ sin do ċonnairc me ceiṫre haingil na seasaṁ ar ċeiṫre corruiḃ na talṁan, ag congṁáil ċeiṫre ngáoṫa na talṁan, ionnus naċ séidfeaḋ an ġáoṫ ar an dtálaṁ, ná ar an ḃfairge, ná ar ċrann ar biṫ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ