39 Marso do ḋéana sé annsna daingniḃ láidre lé día coiṁiġṫeaċ, noċ aideoṁas sé, agus ṁéideoċus lé glóir: agus do ḃeara orra ríaġluġaḋ ós cionn ṁóráin, agus roinnfiḋ sé a ndúṫaiġ ar lúaċ.
Aċt iona áit onórfuiḋ sé Día na ndaingneaċ: agus día nar ḃaíṫnid dá aiṫriḃ, onórfuiḋ sé lé hór, agus lé hairgiod, agus lé cloċaiḃ búaḋa, agus lé neiṫiḃ breáġḋa.
¶ Agus a naimsir an deiriḋ cnagfuiḋ ríġ an deisceirt é: agus tiucfa ríġ an tuáisceirt iona aġaiḋ aṁuil gáoṫġuáirdéain, le carbaduiḃ, agus le marcṡlúaġ, agus le mórán long; agus raċuiḋ sé a steaċ annsna tiorṫaiḃ, agus do ḃéara sé an tonn ṫársa agus raċuiḋ ṫairis anonn.