¶ Agus éireoċuiḋ súas iona áit pearsa uirísiol, da naċ ttiuḃruid síad onóir na rioġaċda: aċt tiucfa sé a steaċ go síoṫċánta, agus gnoḋaċuiḋ sé an ríoġaċt le mealltóireaċd.
Agus an luċt do ní go holc a naġaiḋ an ċunnarṫa truáilleoċar lé spleaḋuiḃ íad: aċt na daóine agá ḃfuil fios a Ndé béid láidir, agus do ḋeanuid gníoṁa gaisgeaṁla.
Oír an luċd is cosṁuil ríu so, ní don Tiġearna Iósa Críosd do níd síad seirḃís, aċd dá mbolg féin; agus meallaid síad ré briaṫraiḃ millsi agus ré cluain croiḋṫe na ndáoine neaṁurċóideaċ.
Agus sin ar son na ndearḃráiṫreaċ ḃfallsa do ḃí ar dteoltóġ a steaċ, noċ do ṫéultóiġ a steaċ do ḃraṫ na saóirse atá aguinn a Níosa Ċríosd ċum ar mbreiṫ fá ḋaóirse:
Oir tiucfuiḋ aimsir naċ mbiáiḋ fulang aca ar ṫeagusg ḟallái; aċd ar mbeiṫ dá gclúasuiḃ lionta do ṫoċas cruinneóċuid síad ḋóiḃ féin do réir a nainmían iomad teagusgóir;
Oír tangadar dáoine áiriġe, neiṁḋíaġa, ar téultoġ a steaċ, noċ do ḃí fadá ó ṡin roiṁ láiṁ orduiġṫe ċum an ḃreiṫeaṁnuis so, noċ iompoiġeas grás ar Ndé a neaṁġloine, agus ṡéunas an táon Ṁaiġisdir, Día, agus ar Dtíġearna Iósa Críosd.
Giḋeaḋ atá beagan agum a taḋuiġ, go ḃfuilngeann tú don ṁnáoi Iesabel, a deir gur banḟáiḋ í féin, teagusg do ṫaḃairt uáiṫe agus mo ṡearḃḟoġantuiġeaḋsa do ṁeallaḋ ċum sdríopaċais do ḋéunaṁ, agus ċum na neiṫeann atá ar na níoḋbairt dioḋaluiḃ iṫé.