32 Agus an luċt do ní go holc a naġaiḋ an ċunnarṫa truáilleoċar lé spleaḋuiḃ íad: aċt na daóine agá ḃfuil fios a Ndé béid láidir, agus do ḋeanuid gníoṁa gaisgeaṁla.
¶ Agus ṫusa, a Ṡoluiṁ a ṁic, bioḋ fios Dé haṫar agad, agus deana serḃis dó le croiḋe iomlán agus lé toil aontaḋuiġ: óir spíonuiḋ an TIĠEARNA na huile ċroiḋṫe, agus tuigiḋ sé na huile ḃreaṫnuiġṫe na smuaintiġeaḋ: ma íarrann tú é, do ġeaḃa tú é; aċt má ṫréigionn tú é, teílgfiḋ sé úaḋ ṫú go bráṫ.
Agus dféaċ mé, agus déiriġ mé súas, agus a duḃairt mé ris na huáisliḃ, agus ris na húaċdaranuiḃ, agus ris an ccuid oile don ṗobal, Ná húaṁnuiġṫear siḃ rompa súd: cuiṁnuiġiḋ an TIĠEARNA, atá mór úaṫḃasaċ, agus troidiġ ar son ḃur ndearḃráiṫreaċ, ḃur mac, agus ḃur ninġean, ḃur mban, agus ḃur ttiġṫeaḋ.
Agus ní ṁúinfid síad ní sa ṁó gaċ áonduine a ċoṁarsa, agus gaċ aonduine a ḋearḃráṫair, ġa ráḋ, Bíoḋ fios an TIĠEARNA agaiḃ: óir biáiḋ mfios aca uile, ón té is luġa ḋíoḃ gus an té is mó ḋíoḃ, a deir an TIĠEARNA: óir maiṫfiḋ mé a négceart, agus ní ċuiṁneoċa mé a bpeacaiḋ ni is mó.
¶ Agus éireoċuiḋ súas iona áit pearsa uirísiol, da naċ ttiuḃruid síad onóir na rioġaċda: aċt tiucfa sé a steaċ go síoṫċánta, agus gnoḋaċuiḋ sé an ríoġaċt le mealltóireaċd.
¶ Aċt díḃse air a ḃfuil eagla manmasa éireoċuiḋ Grían a nionracuis maille ré leiġios iona sciaṫánuiḃ; agus raċfuiḋ siḃ amaċ, agus fásfuiḋ súas mar ġaṁnuiḃ an stalla.
Aċd atá a ḟios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse ḋúinn, ris an Día ḟíre daiṫniuġaḋ, agus atamuid sa Día ḟíre sin, ann a Ṁac Iósa Críosd. A sé so an fír-Ḋía, agus an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.
Agus tugaḋ dá gaċ áon díoḃ fó leiṫ róbuiḋe fada gléiġeala; agus a duḃraḋ ríu, sgur ar feaḋ tamuill ḃig, nó go mbeiṫ uiḃir a gcoiṁṡearḃḟoġantuiġeaḋ agus a ndearḃraiṫreaċ ar na ċoiṁlíonaḋ, noċ do ḃí ré haġuiḋ a marḃṫa mar íadsan.