31 Agus seasfuid láṁa air a ṫaóḃ, agus truáilleoċuid sanctóir an neirt, agus béaruid léo a níoḋbairt laeṫeaṁuil, agus suiḋeoċuid an ġráineaṁlaċd do ní fásaċ.
Do ḃríġ gur ṫréigeadar misi, agus go ndeárnadar a náitse coiṁiġṫeaċ, agus gur loisgeadar túis innte do ḋéeiḃ oile, noċ nár ḃaiṫnid ḋóiḃ féin nó ḋá naiṫriḃ, nó do ríġṫiḃ Iúdah, agus gur líonadar a náitsi lé fuil neiṁċiontuiġ;
Do leaṫnuiġ an náṁaid a láṁ amaċ ar a huile neiṫiḃ sólasaċa: óir do ċonnairc sí go ndeaċadar na geinte a steaċ dá sanctóra, noċ dar aiṫin tú naċ ttiucfaidis a steaċ ann do ċoṁċruinniuġaḋ.
Do ṫeilg an TIĠEARNA seaċad a altóir, agus dfúaṫaiġ sé a ṡanctóir; do ṡeaċaid sé súas a láiṁ na náṁad ballaḋa a ṗáláis; do rinneadar gáir a ttiġ an TIĠEARNA, aṁuil a ló féusta sollamonta.
Agus buḋ cuṁaċtaċ a neart, aċt ní le na ċuṁaċdaiḃ féin: agus scriosfuiḋ sé go hiongantaċ, agus raċaiḋ sé air a aġaiḋ, agus ġnáṫeoċuiġ, agus scriosfuiḋ sé na cuṁaċdaiġ agus na daóine náoṁṫa.
Agus daingneoċa sé an cunraḋ ré mórán air feaḋ aoin tseaċdṁuine: agus a lár na seaċdṁuine do ḃéara sé air a nofráil agus air a níoḋbairt scur, agus do ḃríġ foirleiṫne ġráineaṁlaċda do ḋéana sé áonránaċ í, eaḋon go nuige an ccríoċnuġaḋ, agus sin ar ccinneaḋ dóirtfiġear é air a nuáignios.
Aċd an tan do ċífiḋe aḋḟuaṫṁuireaċd an léirsgris, air ar laḃair Daniel an fáiḋ, na ṡeasaṁ ann sa nionad nár ċóir, (tuigeaḋ an té léaġas,) ann sin teiṫeaḋ a mbíaiḋ a ttír Iúdaiġe fá na sléiḃtiḃ.