Aċt an té ṫig na aḋuiġ do ḋéana sé do réir a ṫola féin, agus ní ṡeasfa duine ar bioṫ ris: agus seasfuiḋ sé annsa tír ġlórṁair, noċ scriostar le na láiṁ.
Agus do ḋéana an ríġ dó réir a ṫola féin; agus áirdeoċuiḋ sé é féin, agus méideoċuiḋ sé é féin ós cionn gaċ uile ḋée, agus laiḃeoruiḋ sé neiṫe iongantaċa a naġaiḋ Dé na ndía, agus béaruiḋ sé buáiḋ nó go ccríoċnuiġṫior an nfearg: do ḃríġ gur bé an ní do cinneaḋ do ḋéantar.
Agus meastar uile áitreaḃṫuiġ na talṁan aṁuil neiṁní: agus do ní seision do réir a ṫola féin ar ṡlúaġ neiṁe, agus a measc áitreaḃṫaċ na talṁan: agus ní ḟéadann duine ar bioṫ a láṁ do ċosg, nó a ráḋ ris, Cred do ní tú?
Agus do ḃríġ na mórḋaċda ṫug sé ḋó, do ċrioṫnuiġiodar a nuile ṗobal, cineaḋaċa, agus teangṫa, agus do ḃí eagla orra roiṁe: do ṁarḃaḋ sé an té do ṫograḋséféin; do ċongṁaḋ sé beo an tí do ṫograḋ sé; agus do ċuireaḋ sé súas an tí ṫograḋ; agus do ċuireaḋ sios an tí do báill leis.
Ná ḋiáiġso do ċonnairc mé, agus féuċ áon oile, aṁuil liopard, agá raiḃ ceiṫre sciaṫáin éin air a ḋruim; ceiṫre cinn fós air an mbeaṫaċ; agus tugaḋ tiġearnas dó.
Ar mbeiṫ do Ḋía ag déunaṁ coiṁḟíaḋnuise ríu, maille ré cóṁarṫuiḃ agus ré hiongantuiḃ, agus ré súḃailciḃ éugsaṁla, agus ré tioḋlaiciḃ an Sbiorad Náoiṁ, do réir a ṫola féín?