Go deiṁin is díoṁaóineas clann na ndaóine uirísiol, is bréug clann na ndaóine móra: ar na ccur a néainfeaċd a meaḋuiḃ, is éattruime íad ná an díoṁaóineas.
Abairsi, Is marso a deir an Tiġearna DIA; An mbéara sí biseaċ? naċ ttairreonga sé a fréaṁa súas, agus naċ geárrfa sé amaċ a toraḋ, le ccríonfa sí? críonfuiḋ sí ann uile ḋuille a gineaṁna, eaḋon gan neart mór nó mórán daóine dá tarruing a níos as a fréaṁuiḃ.
Annsa treas ḃliaḋain do Ċírus ríġ na Persia do foillsiġeaḋ ní do Ḋaniel, (dar bainm Beltesassar;) agus do bfíor an ní, aċt dob ḟada an tam cinte: agus do ṫuig sé an ní, agus fúair sé tuigse na fisi.
Annsin fillfiḋ sé ḋá ḋúṫaiġ féin maille ré sáiḋḃrios mór; agus a ċróiḋe a naġaiḋ an ċunnarṫa náoṁṫa; agus do ḋéana sé ní mór, agus fillfiḋ sé ḋá ṫír féin.
Agus tuitfiḋ cuid don druing ṫuigsionaiġ, dá ndearḃaḋ, dá nglanaḋ, agus dá ndéanaṁ geal, eaḋon go haimsir an deiriḋ: do ḃríġ go ḃfuil sin fós ċum aimsire cinte.
¶ Agus a naimsir an deiriḋ cnagfuiḋ ríġ an deisceirt é: agus tiucfa ríġ an tuáisceirt iona aġaiḋ aṁuil gáoṫġuáirdéain, le carbaduiḃ, agus le marcṡlúaġ, agus le mórán long; agus raċuiḋ sé a steaċ annsna tiorṫaiḃ, agus do ḃéara sé an tonn ṫársa agus raċuiḋ ṫairis anonn.
Annsin ṫáinic sé a ḃfogus do náit ar ṡeas mé: agus a nuáir ṫáinic sé, do ḃí mé eaglaċ, agus do ṫuit mé air maġaiḋ: aċt a dúḃairt seision riom, Tuig, a ṁic an duine: óir is a ndeireaḋ na haimsire ḃías a naisling.
Oír atá a nfis fós ċum uáire cinte, aċt fa ḋeóiġ laiḃeoruiḋ sí, agus ní ḋéana sí bréag: má atá go maḋ mall í, feiṫ uirre; do ḃríġ go ttiucfa sí go deiṁin, ní anfa sí.
Ar an aḋḃar gur órduiġ sé lá, an a mbéura sé breaṫ ċoṁṫrom ar a tsáoġal tres an ḃfear úd do órduiġ sé; agus mar ḋearḃaḋ ar so do nuile ḋuine, ṫóg sé súas ó ṁarḃuiḃ é.