Raċuiḋ sé a steaċ go síoṫċánta air na háitiḃ is féarr annsa bproḃinnsi; agus do ḋéana sé an ní naċ deárnadar a aiṫre, nó aiṫre a aiṫreaḋ; sgaóilfe sé iona measc an ċreaċ, agus a néadáil, agus an saiḋḃrios: fós, teilgfiḋ sé roiṁe láiṁ a ṫionsganta a naġaiḋ na ndaingion láidir, eaḋon ar feaḋ aimsire.
Agus buḋ cuṁaċtaċ a neart, aċt ní le na ċuṁaċdaiḃ féin: agus scriosfuiḋ sé go hiongantaċ, agus raċaiḋ sé air a aġaiḋ, agus ġnáṫeoċuiġ, agus scriosfuiḋ sé na cuṁaċdaiġ agus na daóine náoṁṫa.
Agus fós tré na ġliocas do ḃéara sé biseaċ air ċeilg iona láiṁ; agus mórfuiḋ é féin iona ċroiḋe, agus lé síoṫċáin scriosfaiḋ sé iomad: seasfuiḋ sé fós súas a naġaiḋ Ṗrionnsa na bprionnsaḋ; aċt brisfiġear é a néagṁuis láiṁe.
Ar na líonaḋ do nuile éugcóir, do ṁaílis, do ḋrúis, do ḋroiċṁéin, do ṡaint; ar na líonaḋ do ṫnúṫ, do ḋúnṁarḃaḋ, dó ċeannarraic, do ṁeaḃail, do ḋroċḃéusuiḃ; luċd siusarnuiġe.