Do ḃríġ go ndúḃraḃair, Do rinneamar cconraḋ ris an mbás, agus atámaóid a réiġteaċ ré hifrionn; a nuáir raċus an scíursa díḃṫeirgeaċ ṫort, ní ṫiucfa sé orruine: óir do rinneamar ar ndídean don ḃréig, agus faói an mbréig dfolċamar sinn féin:
Agus coirreoċṫar a ṁic súas, agus cruinneoċuid iomad slóiġ do armiḃ móra: agus tiucfa aon go deiṁin, agus tuilleoċuiḋ ṫairis, agus raċuiḋ ṫríd: annsin fillfiḋ sé, agus corroċṫar súas é, dá ḋaingionn.
Agus fós tré na ġliocas do ḃéara sé biseaċ air ċeilg iona láiṁ; agus mórfuiḋ é féin iona ċroiḋe, agus lé síoṫċáin scriosfaiḋ sé iomad: seasfuiḋ sé fós súas a naġaiḋ Ṗrionnsa na bprionnsaḋ; aċt brisfiġear é a néagṁuis láiṁe.
Agus tar éis dá ṡeaċdṁuin agus trí fiṫċid géarfuiġear amaċ Messiah, aċt ní ar a ṡon féin: agus scriosfuiḋ pobal an ṗrionnsa ṫiucfas an ċaṫair agus an tsanctóir; agus biáiḋ a ccríoċ sin lé tuile, agus go deireaḋ an ċogaiḋ do cinneaḋ a náonranaċt.
Naċ ccrioṫnoċuiḋ an talaṁ uimeso, agus naċ ccaóiḋfiḋ gaċ duine dá ccoṁnuiġionn ann? agus éireoċuiḋ súas go hiomlán aṁuil tuile; agus teilgfiġear amaċ agus báiḋfiġear é, aṁuil le tuile na Hégipte.
Agus isé an Tiġearna DIA na slóġ ḃeanfas ris an ḃfearann, agus leaġfuiḋ sé e, agus caóiḋfiḋ a nuile ḋuine áitreaḃus ann: agus éireoċuiḋ súas go hiomlán aṁuil tuile; agus biáiḋ báiḋte, mar ṫuile na Hégipte.