21 ¶ Agus éireoċuiḋ súas iona áit pearsa uirísiol, da naċ ttiuḃruid síad onóir na rioġaċda: aċt tiucfa sé a steaċ go síoṫċánta, agus gnoḋaċuiḋ sé an ríoġaċt le mealltóireaċd.
An té a ttarcuisniġṫear an droċḋuine iona ṡúiliḃ; aċd onóruiġios an dream air a mbí eagla an TIĠEARNA. An té noċ ṁionnuiġios ċum a ḋioġḃála féin, agus naċ malartuiġionn.
Annsin seasfuiḋ súas iona ionad suíġe fear tógḃalaċ géarrṫaḋ a nglóir na rioġaċta: aċt táoḃ a stiġ do ḃeagán laéṫeaḋ muirfiġear é, ní a ḃfeirg, nó a ccaṫ.
Agus an luċt do ní go holc a naġaiḋ an ċunnarṫa truáilleoċar lé spleaḋuiḃ íad: aċt na daóine agá ḃfuil fios a Ndé béid láidir, agus do ḋeanuid gníoṁa gaisgeaṁla.
Aċt as beangán dá fréiṁ seasfuiḋ áon súas iona staid, noċ ṫiucfas lé sluáġ, agus raċfus a steaċ a ndaingionn ríġ an tuáisgeirt, agus ċuirfios na naġaiḋ, agus ḃéarus buáiḋ:
Is lé hórduġaḋ na ḃfear faire atá an ċúis si, agus an tíarratus lé bréiṫir na náon náoṁṫa: ċor go mbí a ḟios aig an mbeó go ríaġluiġionn an té is ro Airde a rioġaċt na ndaóine, agus go ttaḃair í don té is áill leis, agus go ccuirionn súas ós a cionn an té is uirísle do na daóiniḃ.
Do ṁeas mé na haḋarca, agus, féuċ, ṫáinic súas iona measg aḋarc ḃeag oile, roiṁe a raiḃ a trí do na haḋarcaiḃ oile tairngṫe súas as a ḃfréuṁuiḃ: agus, féuċ, annsa naḋaircsi do ḃádar súile cosṁuil ré súiliḃ duine, agus béul ag laḃairt neiṫe móra.
Agus fós tré na ġliocas do ḃéara sé biseaċ air ċeilg iona láiṁ; agus mórfuiḋ é féin iona ċroiḋe, agus lé síoṫċáin scriosfaiḋ sé iomad: seasfuiḋ sé fós súas a naġaiḋ Ṗrionnsa na bprionnsaḋ; aċt brisfiġear é a néagṁuis láiṁe.
Agus ṫug an TIĠEARNA fúagra dot ṫaóiḃ, ċor naċ síolcuirfiḋ ní is mó dot ainm: geárria mé amaċ as tiġ do ḋée an nioṁáiġ ġreanta agus an níoṁáiġ leaġṫa: do ḋéana me huáig; óir atá tú beagluáiġ.
Oír dinnis mé ḋó go mbéaruinn breaṫ ar a ṫiġ go bráṫ ar son a nuilc as aiṫniḋ ḋó feín; do ḃriġ go ndearnadar a ṁic íad féin malluiġ, agus nar ṫoirmisg seision íad.