20 Annsin seasfuiḋ súas iona ionad suíġe fear tógḃalaċ géarrṫaḋ a nglóir na rioġaċta: aċt táoḃ a stiġ do ḃeagán laéṫeaḋ muirfiġear é, ní a ḃfeirg, nó a ccaṫ.
¶ Agus ṫug Iehoiacim an tairgiod agus an tór do Ṗárao; agus do rinne gearraḋ air a tír díoc a nairgid do réir aiṫne Ṗaraoh: do ṫaḃuiġ sé an tairgiod agus an tór ar ṁuinntir na tíre, ar gaċ uile ḋuine do réir a ġearrṫa, re ṫaḃairt do Ṗarao‐neċoh.
Ar son práis do ḃéara mé ór liom, agus ar son íaruinn do ḃéara mé airgiod, agus ar son connaiḋ prás, agus ar son cloċíarrann: do ḋéanad fós síoṫċain dot leaṫtrom, agus dot ḋaoirċíos fíréuntaċd.
¶ Agus éireoċuiḋ súas iona áit pearsa uirísiol, da naċ ttiuḃruid síad onóir na rioġaċda: aċt tiucfa sé a steaċ go síoṫċánta, agus gnoḋaċuiḋ sé an ríoġaċt le mealltóireaċd.
Aċt as beangán dá fréiṁ seasfuiḋ áon súas iona staid, noċ ṫiucfas lé sluáġ, agus raċfus a steaċ a ndaingionn ríġ an tuáisgeirt, agus ċuirfios na naġaiḋ, agus ḃéarus buáiḋ: