Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 11:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Aċt an té ṫig na aḋuiġ do ḋéana sé do réir a ṫola féin, agus ní ṡeasfa duine ar bioṫ ris: agus seasfuiḋ sé annsa tír ġlórṁair, noċ scriostar le na láiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 11:16
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus raċaiḋ sé ṫríd Iúdah; tuileoċaiḋ sé agus raċaiḋ ṫairis, roiċfiḋ sé go nuige an muinéul; agus líonfuiḋ leaṫnuġaḋ a sciaṫán amaċ leiṫead do ḋúiṫċesi, ó Immanuel.


Aċt a duḃairt mé, Ciondus ċuirfios mé ṫusa a measg na cloinne, agus ḃéaras mé dúṫaiġ aóiḃin duit, deaġoiġreaċd ṡlúaġ na gcineaḋaċ? agus a dúḃairt mé, Goirfe tú ḋíomsa, Mo aṫair; agus ní ḟillfe tú ar ais uáimsi.


Agus seasfuiḋ ríġ cuṁaċdaċ súas, ṫiġearnfus maille re cuṁaċtaiḃ móra, agus do ḋéana sé do réir a ṫola féin.


Agus do ḋéana an ríġ dó réir a ṫola féin; agus áirdeoċuiḋ sé é féin, agus méideoċuiḋ sé é féin ós cionn gaċ uile ḋée, agus laiḃeoruiḋ sé neiṫe iongantaċa a naġaiḋ Dé na ndía, agus béaruiḋ sé buáiḋ nó go ccríoċnuiġṫior an nfearg: do ḃríġ gur bé an ní do cinneaḋ do ḋéantar.


Raċuiḋ sé mar an ccéadna a steaċ don dúṫaiġ ġlórṁair, agus claoiḋfiġear mórán: aċt raċaid so as ó na láiṁ, Edom, agus Moab, agus toġa ċloinne Ammon.


Agus suiḋeoċa sé pailliúin a ṗáláis eidir na fairgiḃ annsa tslíaḃ ġlorṁar náoṁṫa; ṫairis sin tiucfa sé ċum a ċríċe, agus ní ċuideoċuiḋ duine ar bioṫ ris.


Agus do ḃríġ na mórḋaċda ṫug sé ḋó, do ċrioṫnuiġiodar a nuile ṗobal, cineaḋaċa, agus teangṫa, agus do ḃí eagla orra roiṁe: do ṁarḃaḋ sé an té do ṫograḋséféin; do ċongṁaḋ sé beo an tí do ṫograḋ sé; agus do ċuireaḋ sé súas an tí ṫograḋ; agus do ċuireaḋ sios an tí do báill leis.


Do ċonnairc mé an reiṫe ag gaḃáil, síar, agus buḋ ṫúaiġ, agus buḋ ḋeas; ionnus naċ seasfaidís beaṫuiġ ar biṫ ris, nó áon do ḟéadfaḋ ní do ṡáoraḋ as a láiṁ; aċt do rinne do réir a ṫola féin, agus dfás sé mór.


Agus do ċonnairc mé é ag teaċd a ḃfogus don reiṫe, agus do ḃí sé lán dfíoċ na aġaiḋ, agus do ḃúail sé an reiṫe, agus do ḃris a ḋá aḋairc: agus ní raiḃ cuṁaċda aig an reiṫe seasaṁ ris, aċd do ṫeilg sé síos ċum na talṁan é, agus do ṡaltair air: agus ní, raiḃ aon do ḟéad an reiṫe do ṡáoraḋ as a láiṁ.


Agus ṫáinic aḋarc ḃeag amaċ as aón aca, naċ dfás go hanṁór, don leaṫ ṫeas, agus don leaṫ ṡoir, agus leaṫ ris an ndúṫaiġ aóiḃinn.


¶ Ní ḟéadfuiḋ éanduine seasaṁ ad aġuiḋ ar feaḋ láeṫe do ḃeaṫa: mar do ḃí mé lé Maóise, is mar sin ḃías mé leaċdsa: ní ḟailleoċa mé ort, ní mó ṫréigfios mé ṫú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ