Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 11:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Ann sin tiucfa ríġ an tuáisceirt, agus teilgfiḋ móta súas, agus géaḃuiḋ sé na caiṫreaċa is ró láidre: agus ní ṡeasfuid láṁa an deisceirt, nó a ḋaóine toġṫa, ní mó ḃías neart air bioṫ ré seasaṁ na naġaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 11:15
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Día Israel, a ttáoḃ ṫiġṫeaḋ na caiṫreaċso, agus a ttaoḃ ṫiġṫeaḋ ríoġ Iúdah, noċ atá ar na tteilgion síos leis na mótaiḃ, agus leis an ccloiḋeaṁ;


¶ Imṫiġiḋ súas ar a ballaḋuiḃ, agus scriosuiḋ; aċt ná déanuiḋ crioċnuġaḋ iomlán: beanaiḋ a báirrdeaḃṫa ḋi; óir ní leis an TTIĠEARNA íad.


¶ Agus tárla annsa naoṁaḋ blíaḋain dá rioġaċt, ansa deaċṁaḋ mí san deaċṁaḋ lá don ṁí, go ttáinic Nebuċadressar ríġ na Babilóine, é féin agus a ṡlúaġ uile, a naġaiḋ Ierusalem, agus gur ṡuiġiḋ sé na haġáiḋ, agus go ndéarna puirt na haġaiḋ timċioll fa ccuáirt.


¶ Oír is marso a duḃairt TIĠEARNA na slóġ, Gearruiḋ sios crainn, agus teilgiḋ port a naġaiḋ Ierusalem: isí so an ċaṫair ionċúartuiġṫe; is leaṫtrom í iona lár uile.


Ní mó ḋéanas Ṗárao ar a ṡon le na ṡlúaġ neartṁar agus le na ċuideaċduin ṁóir annsa ċogaḋ, le teilgion mótaḋ súas, agus lé déanaṁ daingniḋ, do ṁarḃaḋ móráin pearsann:


Agus cuir foslongṗort na haġaiḋ, agus cuir balla súas na haġaiḋ, agus cúir mota na aġaiḋ; suiġiḋ fós an campa as a coinne, agus cuir reiṫeaḋa ġa búalaḋ timċioll fa ccuáirt.


Agus ann sa naimsin seasfuid mórán súas a naġaiḋ ríġ an deisceirt: mar an ccéadna áirdeoċuid sladṁóire do ḋaóinesi íad féin do ċruṫuġaḋ na fise; aċt tuitfid síad.


Agus a ccionn ḃliaḋan ceingeoluid féin dá ċéile; óir tiucfa inġean ríġ an deisceirt ċum ríġ an tuáisceirt do ḋéanaṁ réitiġ: aċt ní ċoinneoċa sí cuṁaċd na láiṁe; ní mo ṡeasfas seision, ná a láṁ: aċt seaċodṫar ise súas, agus an drong ṫug leó í, agus an té dá rugaḋ í, agus an té do neartuiġ í, annsna haimsearuiḃsi.


Agus do ċonnairc mé é ag teaċd a ḃfogus don reiṫe, agus do ḃí sé lán dfíoċ na aġaiḋ, agus do ḃúail sé an reiṫe, agus do ḃris a ḋá aḋairc: agus ní raiḃ cuṁaċda aig an reiṫe seasaṁ ris, aċd do ṫeilg sé síos ċum na talṁan é, agus do ṡaltair air: agus ní, raiḃ aon do ḟéad an reiṫe do ṡáoraḋ as a láiṁ.


¶ Ní ḟéadfuiḋ éanduine seasaṁ ad aġuiḋ ar feaḋ láeṫe do ḃeaṫa: mar do ḃí mé lé Maóise, is mar sin ḃías mé leaċdsa: ní ḟailleoċa mé ort, ní mó ṫréigfios mé ṫú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ