Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 11:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus a núair scríosfas sé an slúaġ, tóigfiġear a ċroiḋe súas; agus teilgfe sé síos iomad do ḋeiċ míltiḃ: aċt ní neirteoċar le sin é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 11:12
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃúail tú go deṁin Edom, agus do ṫóg do ċroiḋe súas ṫú: déana gloír ḋe so, agus fan san mbáile: óir cred as a mbúainfeá ré ní do ġoirteoċaḋ ṫú, as a ttuitfeá féin, agus Iúdah maille riot?


A deir tusa, Féaċ, do ṁarḃ tú na Hedomitiġ; agus do ṫóg do ċroiḋe súas ṫú do ṁaoiḋfeaċus: fan a nois ansa ḃaile; creád fá mbeanfá red ḋoċar féin, as a ttuitfeá, ṫú féin, agus Iúdah maille riot?


¶ Aċt a núair do ḃí sé láidir, do ḃí a ċroiḋe ar na ṫógḃáil súas ċum a ṁillte féin: óir do ṗeacuiḋ sé a naġaiḋ an TIĠEARNA a Ḋía féin, agus do ċúaiḋ a steaċ a tteampall an TIĠEARNA do losgaḋ túise ar altoír na túise.


Aċt níor ċúitiġ Heseciah a rís do réir na máiṫeasa do rinneaḋ ḋó; aċt do tógḃaḋ a ċroiḋe suas: uimesin ṫáinic dioġaltas air, agus air Iúdah agus air Ierusalem.


Ṫig an túaḃar roiṁe a naiḋṁilleaḋ, agus áirdspiorad roiṁe an leagaḋ.


Do tógḃaḋ súas do ċroiḋe do ḃríġ do sgéiṁe, do ṫruailliġ tú heagna do ḃríġ do ḋéalruiġṫe: teilgfiḋ misi ċum talṁan ṫú, a ḃfíaḋnuise ríoġ, ċor go ḃféuċfuid ort.


A ṁic an duine, abair re prionnsa Ṫírus, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur tógḃaḋ súas do ċroiḋe, agus go nduḃairt tú, Is Día misi, suiġim a nionad Dé, a lár na ḃfairgeaḋ; giḋeaḋ is duine ṫú, agus ní Día, gioḋ go suiġionn tú do ċroiḋe aṁuil croiḋe Dé.


Led eagna ṁóir agus led ċeannuiġeaċt do ṁéaduiġ tú do ṡaiḋḃrios, agus atá do ċroiḋe ar na ṫógḃáil súas do ḃríġ do ṡaiḋḃriosa:


Agus corroċṫar ríġ an deisceirt le feirg, agus tiucfa amaċ agus troidfiḋ ris, eaḋon lé ríġ an tuáisceirt: agus cuirfiḋ sé slúaġ mór amaċ; aċd do ḃéarṫar an slúaġ iona láiṁ.


Oír filliḋ ríġ an tuáisceirt, agus cuirfiḋ sé slúaġ mór amaċ is mó ná an ċéadṡlúaġ, agus tiucfa go deiṁin (tar éis ḃliaḋan áiriġ) go slúaġ mór agus saiḋḃrios mór.


Aċt dárduiġis ṫú féin a naġaiḋ Ṫiġearna neiṁe; agus ṫugadar soiġṫiġe a ṫiġe ann ṫfíaġnuisi, agus diḃ tusa, agus do ṫiġearnaḋa, do ṁná, agus do leannáin, fíon asda; agus do ṁol tú na dée airgid, agus óir, práis, íaruinn, crainn, agus cloiċe, naċ ḃfaicionn, naċ ccluin, agus naċ feasaċ: agus ní ṫug tú glóir do Ḋía, a láiṁ a ḃfuil hanál, agus gur leis huile ṡliġṫe:


Agus fós tré na ġliocas do ḃéara sé biseaċ air ċeilg iona láiṁ; agus mórfuiḋ é féin iona ċroiḋe, agus lé síoṫċáin scriosfaiḋ sé iomad: seasfuiḋ sé fós súas a naġaiḋ Ṗrionnsa na bprionnsaḋ; aċt brisfiġear é a néagṁuis láiṁe.


An sin go néireoċuiḋ do ċroiḋe súas, agus go ndearmudfá an TIĠEARNA do Ḋía, (noċ ṫug amaċ ṫú as críċ na Hégipte, as tiġ na daóirse;


Gan ḃeiṫ ḋó na noiḃíseaċ, deagla ar mbeiṫ ḋó líonta dúaḃar go duitfeaḋ sé a ndannuġaḋ an díaḃail.


Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ