11 Agus corroċṫar ríġ an deisceirt le feirg, agus tiucfa amaċ agus troidfiḋ ris, eaḋon lé ríġ an tuáisceirt: agus cuirfiḋ sé slúaġ mór amaċ; aċd do ḃéarṫar an slúaġ iona láiṁ.
¶ Agus, féuċ, ṫáinig fáiġ go Hahab ríġ Israel, ġá ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA, an ḃfaca tú an tiomad slóiġ ṁoírsi? féuċ, do ḃéura misi ad láiṁ íad a niuġ; agus biáiḋ a ḟios agad gur mé an TIĠEARNA.
¶ Agus ṫáinic óglaċ Dé, agus do laḃair sé re ríġ Israel, agus a duḃairt sé, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do ċionn go nduḃradar na Sírianuiġ, As Día cnoc an TIĠEARNA, aċd ní hé Día na ngleantaḋ é, uimesin do ḃéara misi an lion mórsa uile ad láiṁse, agus aiṫeonuiḋ tú gur mé an TIĠEARNA.
¶ Agus a naimsir an deiriḋ cnagfuiḋ ríġ an deisceirt é: agus tiucfa ríġ an tuáisceirt iona aġaiḋ aṁuil gáoṫġuáirdéain, le carbaduiḃ, agus le marcṡlúaġ, agus le mórán long; agus raċuiḋ sé a steaċ annsna tiorṫaiḃ, agus do ḃéara sé an tonn ṫársa agus raċuiḋ ṫairis anonn.
Aċt buáiḋreoċuiḋ sgéulta amaċ as a noirṫear é agus as an ttuáisceart: uime sin raċuiḋ sé amaċ ré cúṫaċ mór daiḋṁilleaḋ, agus do scrios ṁórán ṫrid amaċ.
¶ Agus biaiḋ ríġ an deisceirt láidir, agus áon da ṗrionnsaḋuiḃ; agus biáiḋ sé láidir ós a ċionnsan, agus biáiḋ sé a ttiġearnus; buḋ tiġearnus mór a ṫiġearnus.
Agus gioḋ bé áit a naitriġid clann na ndaóine, beaṫuiġ na talṁán agus éunláiṫ neiṁe ṫug sé ad láiṁsi íad, agus do rinne sé úaċdarán díot os a ccionn uile. Is tú an ceann óirsi.
Agus do ċonnairc mé é ag teaċd a ḃfogus don reiṫe, agus do ḃí sé lán dfíoċ na aġaiḋ, agus do ḃúail sé an reiṫe, agus do ḃris a ḋá aḋairc: agus ní raiḃ cuṁaċda aig an reiṫe seasaṁ ris, aċd do ṫeilg sé síos ċum na talṁan é, agus do ṡaltair air: agus ní, raiḃ aon do ḟéad an reiṫe do ṡáoraḋ as a láiṁ.