1 Agus annsa ċéidḃlíaḋuin do Ḋárius an Médianaċ, do ṡeas misi, eaḋon misi, dá ḋaingniuġaḋ agus dá neartuġaḋ.
Beannuiġesi an TIĠEARNA, a aingle féin, noċ atá árraċdaċ a neart, ag coṁall a aiṫeanta, ag taḃair aire do ġuṫ a ḃreiṫre.
Annsin ṫáinic a rís agus do ḃean riom áon cosṁuil ré taisbeanaḋ duine, agus do neartuiġ sé mé,
Agus do ġlac Dárius an Médianaċ an rioġaċd, ar mbeiṫ ḋó timċioll ṫrí ḃfiṫċid agus dá ḃlíaḋan daóis.
Do buḋ toil lé Darius céad agus fiṫċe prionnsa do ċur ós cionn na rioġaċda, noċ do ḃíaḋ ós cionn na rioġaċda uile.
Annsa ċéid ḃlíaḋuin do Ḋárius ṁac Ahasuerus, do ṡíol na Médianaċ, noċ dá ndéarnaḋ ríġ ós cionn rioġaċd na Ccaldeánaċ;
Ag neartuġaḋ anmann na deisciobal, agá dteagusg fá aṁuin sa gcreideaṁ, agus gur tré iomad buaiḋearṫa as éigean dúinn dul a steaċ go ríoġaċd Dé.