¶ Codluim, aċt músgluiḋ mo ċroiḋe; sé guṫ mo ġráḋuiġ ḃuáilios, ġa ráḋ, Oscuil daṁsa, mo ḋeirḃṡíur, mo ġráḋ, mo ċolum, mo neaṁṫruáilliġṫe: óir atá mo ċeann líonta do ḋrúċt, agus mo ċíaḃa le bráonuiḃ na hoiḋċe.
Agus, féuċ, do ḃean áon cosṁuil re saṁuil ṁac na ndaóine rem ṗúsuiḃ: annsin dfoscuil mé mo ḃéul, agus do laḃair me, agus a dúḃairt me ris an té do ṡeas am ḟiaḋnuisi, O mo ṫiġearna, dfilliodar mo ḋoilġiosa orum leis an ḃfis, agus níor ċonnaiṁ mé neart ar bioṫ.
An tan do ċúaluiḋ mé, do ċrioṫnuiġ mo ḃolg, dúasnadar mo ṗuisine ris an ngúṫ: do ċuáiḋ loḃaḋ a steaċ ann mo ċnáṁuiḃ, agus do criṫ mé ionnam féin, iondus go súaiṁneaċuinn a ló na buaiḋearṫa: an tan ṫiġ sé súas ċum na ndaóine, ionnsoċuiḋ sé íad le na ṡlúaġuiḃ.
Agus do ḃí codlaḋ trom ar Ṗeadar agus ar a ndroing do ḃí na ḟarraḋ, agus an tan do ḋuisgeadar, do ċunncadar a ġloírsion, agus an dias fear do ḃí na seasaṁ na ḟoċair.
Agus an tan do ċonnairc mé é, do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ a rioċd ṁairḃ. Agus do ċuir seision a láṁ ḋeas oram, ag ráḋ riom, Ná bíoḋ eagla ort; as míse an céidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ: