7 Agus misi Dániel aṁáin dó ċonnairc a nfis: óir ní ḟacadar an ṁuinntir do ḃí am ḟoċair a nfis; aċt do ṫuit crioṫ mór orra, iondus gur ṫeiṫeadar dá ḃfolaċ féin.
Agus a duḃairt seision, Do ċúala mé do ġuṫ annsa ngáirdín, agus do ḃí eagla orm, do ċionn go raiḃ mé noċd uiġe; agus do ḟoluiġ mé mé féin,
¶ Eíriġ a steaċ don ċarruic, agus foluiġ ṫú féin annsa luáiṫreaḋ, ar eagla an TIĠEARNA, agus ar son ġlóire a ṁórḋaċda.
An ḃféadann áonduine e féin dfolaċ a náitiḃ uaigneaċa naċ ḃfaidfiḋ misi é? a deir an TIĠEARNA. Naċ lionomsa neaṁ agus talaṁ, a deir an TIĠEARNA.
A ṁic an duine, iṫ harán lé crioṫ, agus iḃ huisge lé creaṫaiḃ agus lé cúram;
Agus na dáoine do ḃí am ḟoċair do ċunncadar an solas go deiṁin, agus do ġaḃ eagla íad; giḋeaḋ ní ċúaladar gúṫ an té do laḃuir rium.
Mar an gcédna an dream do ṡiúḃail má ráon ré Sául do ṡeasadar go búaiḋearṫa, ag éisdeaċd ris an ngúṫ, aċd gan aṁarc ar éinneaċ aca.
Agus do ḃí an ní do ċonncadar coṁúaṫḃasaċ sin, go nduḃairt Maóise, Atáim lán dfaitċeas agus do ċríṫ: