Aċt do ṡeas prionnsa rioġaċda na Persia riom lá agus fiṫċe: aċt, féuċ, ṫáinic Miċael, áon do na haird ṗrionnsaḋuiḃ, dom ċaḃair; agus do ċoṁnuiġ mé annsin ag ríġṫiḃ na Persia.
Agus annsa namsin seasfuiḋ Miċael súas, an prionnsa mór ṡeasas air son ċloinne do ṗobailsi: agus biáiḋ am buáiḋearṫa ann, a leiṫéid naċ raiḃ a ríaṁ eaḋon go nuige an tamsin: agus annsa namsin sáorfuiġear do ṗobalsa, a nuile ḋuine dá ḃfuiġṫear scrioḃṫa annsa leaḃar.
Bioḋ a ḟios agad air a naḋḃarsin agus tuig, go mbía ó ḋul amaċ na háiṫne Ierusalem daisiog agus do ċur súas gus an Messiah an Prionsa seaċd seaċtṁuine, agus trí fiṫċid agus dá ṡeaċtṁuin: cuirfiġear an tsráid súas a rís, agus an balla, eaḋon a naimsioruiḃ buáiḋearṫa.
Giḋeaḋ Míċael an tarċaingeal, an tan do ċaṫuiġ sé a naḋuiġ an díaḃail agus do rinne sé diosbóireaċd a dtimċioll ċuirp Ṁáoise, níor laṁ sé breaṫ ṁasluiġeaċ do ḃreiṫ air, aċd a duḃairt sé, Go nimḋearga an Tíġearna ṫú.