Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 10:19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus a dúḃairt, A ḋuine air a ḃfuil róġráḋ, ná bíoḋ eagla ort: síoṫċáin maille riot, bí láidir, fós, bí láidir. Agus a nuáir do laḃair sé riom, do neartuiġeaḋ mé, agus a dúḃairt, Laḃraḋ mo ṫiġearna; óir do neartuiġ tú mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 10:19
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsa ló mar do ġáir mé do ḟreagair tú mé, do ḟairsingiḋ tú neart ann manam.


Abruiḋ ris a ndroing agá ḃfuil croiḋe eaglaċ, Bíṫí láidir, ná himeagluiġiḋ: féuċuiḋ, tiucfaiḋ ḃur Ndía lé dioġaltas, tiucfaiḋ Dia lé luáiḋeaċd; tiucfa sé agus sáorfa sé siḃ.


¶ Ná bíoḋ eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigḃríġeaċ: óir is misi do Ḋía: neirteoċuiḋ mé ṫú: fós, cuideoċa mé leaċd; fós, cuinneoċa mé súas ṫú le láiṁ ḋeis mo ċeirt.


Ná heagluiḋ, ṫusa a ċnuiṁ Iácob, agus siḃsi a ṗobal Israel; cuideoċuiḋ mé liḃsi, a deir an TIĠEARNA, agus do ṡlánaiġṫeóir, Aon Náoṁṫa Israel.


Annsin ṫáinic a rís agus do ḃean riom áon cosṁuil ré taisbeanaḋ duine, agus do neartuiġ sé mé,


A ttosaċ híarratuis ṫáinic a náiṫna amaċ, agus atáimsi ar tteaċd dá ṫaisbeanaḋ ḋuitsi; óir áta tú ar do ġráḋuġaḋ go ro ṁór: uimesin tuig an taḋḃar, agus meas a nfis.


Giḋeaḋ ċeana anois bíḋ láidir, a Ṡerubbabel, a deir an TIĠEARNA; agus bí láidir, a Iosuah, ṁic Iosedeċ, an tárdsagart; agus bíṫí láidir, a uile ṗobal na tíre, a deir an TIĠEARNA, agus oibriġiḋ: óir atáimsi maille liḃ, a deir TIĠEARNA na sloġ.


Agus tiucfa a ccríċ, mar do ḃaḋḃair ḃur malluġaḋ a measg na ngeinteaḋ, a ṫiġ Iúdah, agus a ṫiġ Israel; marsin coiḃreoċa misi siḃ, agus béiṫi ḃur mbeannuġaḋ: na heagluiġiḋ, aċt bídís ḃur láṁa láidir.


¶ Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Bídís ḃur láṁa láidir, a ḋrong do ċluinn annsna laéṫiḃsi ná bríaṫraso lé béal na ḃfáġ, noċ do ḃí annsa lo ar ṡuiġeadar bunáit ṫiġe ṪIĠEARNA na slóġ, ċor go ccuirfiḋe an teampal súas.


Uime sin do ċuireadar a ḋeirḃṡeaṫraċa fios ċuigesion, ag ráḋ, A Ṫiġearna, féuċ, atá an té as ionṁuin leaċd tinn.


Uime sin a duḃradar na Iúdaiḋe, Féuċ cionnus do ġráḋuiġ sé é!


Agus dob ionṁuin lé Híos Martá, agus a deirḃṡíur, agus Lásarus.


Fágḃuim síoḋċain aguiḃ, do ḃeirim mó ṡíoḋċáin féin ḋaóiḃ: ní mar do ḃeir an sáoġal, do ḃeirimsi ḋaóiḃ. Ná buaiḋearṫar ḃur ccroiḋe, agus ná bíoḋ eagla air,


Do laḃuir mé na neiṫesi riḃ, do ċum go mbeíṫ síoḋċáin aguiḃ ionnumsa. Do ġéuḃṫáoi trioblóid sa tsáoġal: aċd bíoḋ dóċus maiṫ aguiḃ; so ḃúaḋaiġ misi ar a tsaoġal.


Agus an tan do ċunnairc Iósa a ṁaṫair, agus an deisciobal dob ionṁuin leis, na seasaṁ a láṫair, a duḃairt sé ré na ṁáṫair, A ḃean, féuċ do ṁac!


Agus ar ḃfilleaḋ do Ṗeadar air ais, do ċunnairc sé an deisciobal do bionṁuin lé Híosa ḋá leanṁuin; an té do luiġ a nuċd Iósa ar a ṡuipér, agus a duḃairt, A Ṫiġearna, cía ḃraiṫfeas tu?


Déunaiḋ faire, seasaiḋ go daingion sa gcreideaṁ, bíġiḋ fearrġa, bíġiḋ láidir.


Aċd a duḃairt sé riom, Is lór ḋuit mo ġrássa: óir iomlánuiġṫear mo ċúṁaċdasa a néugcrúas. Uime sin buḋ ró ṁóide mfonn mórḋáil do ḋéunaṁ as méugcrúasuiḃ, ionnus go ndéanaḋ cúṁaċd Ċríosd cóṁnuiḋe ionnam.


Fá ḋeóiġ, a ḋearḃráiṫreaċa, bíġiḋ neartṁar sa Dtíġearna, agus a gcúṁaċd a neirtsion.


Uime sin, a ṁic, bíse láidir sa ngrás atá a Níosa Críosd.


Náċ ar aiṫin misi ḋíot? Bí láidir agus lán ḃéoḋa; ná bíoḋ eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do ṪIĠEARNA Día maille leaċd giḋ bé áit a raċa tú.


Agus an tan do ċonnairc mé é, do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ a rioċd ṁairḃ. Agus do ċuir seision a láṁ ḋeas oram, ag ráḋ riom, Ná bíoḋ eagla ort; as míse an céidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ:


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, sioṫċaín maille‐leaċd; ná bíoḋ eagla ort: ní ḃfuiġe tú bás.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ