Daniel 10:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)16 Agus, féuċ, do ḃean áon cosṁuil re saṁuil ṁac na ndaóine rem ṗúsuiḃ: annsin dfoscuil mé mo ḃéul, agus do laḃair me, agus a dúḃairt me ris an té do ṡeas am ḟiaḋnuisi, O mo ṫiġearna, dfilliodar mo ḋoilġiosa orum leis an ḃfis, agus níor ċonnaiṁ mé neart ar bioṫ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
¶ Ann sin do ḃí Dániel, (dar bainm Beltesassar,) ar na ċrioṫnuġaḋ ar feaḋ uáire, agus do ḃuáiḋriodar a smuáintiġṫe é. Do laḃair an ríġ, agus a duḃairt, A Ḃeltesassar, na buáiḋreaḋ a naisling, nó a cíall ṫú. Do ḟreagair Belltesassar, agus a duḃairt, A ṫiġearna, bíoḋ a naisling don druing ḟúaṫuiġios ṫú, agus a cíall dot naiṁdiḃ.
Agus á duḃairt Gidéon ris, Oh mo ṪIĠEARNA, má atá an TIĠEARNA máille rinn, cred fa tteagṁann so uile ḋúinn? agus cáit a ḃfuilid a ṁiorḃuile, noċ do innseadar ar naiṫreaċa ḋuinn, ḋá ráḋ, Naċ ttug an TIĠEARNA a níos ón Négipt sinn? aċd anois do ṫréig an TIĠEARNA sinn, agus do ṡeaċaid sé sinn a láṁuiḃ na Mídianaċ.