Agus do ġoir Iacob ar a ṁacaiḃ, agus a duḃairt, Cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfoċair a ċéile, nó go ninneosa mé ḋáoiḃ cread ṫeigeaṁus daóiḃ sna láeṫiḃ deiġionaċa.
Agus tiucfa a ccríċ annsna láeṫiḃ deiġionaċa, go ndaingneoċṫar slíaḃ ṫiġe an TIĠEARNA a mullaiġ na slíaḃ, agus go ttóigfear ós cionn na ccnoc é; agus riṫfiḋ a nuile ċineaḋ ċuige.
A ṁic an duine, féuċ, a deirid muinntir ṫiġe Israel, Atá a nfis do ċiḋ sé ré teaċt mórán láeṫeaḋ uáinn fos, agus tairrġiriḋ sé air na haimsearuiḃ atá a ḃfad uáinn.
Agus tiucfa tú a níos a naġaiḋ mo ṗobail Israel aṁuil néull dfolaċ na talṁan: annsna láeṫiḃ deiġnioċa ḃías sé, agus do ḃéara misi ṫú a naġaiḋ mo ḋúiṫċe, ċor go mbía a ḟios ag na geintiḃ, an tan náoṁṫeaċṫar ionnadsa mé, a Ġog, as coinne a súl.
Annsa treas ḃliaḋain do Ċírus ríġ na Persia do foillsiġeaḋ ní do Ḋaniel, (dar bainm Beltesassar;) agus do bfíor an ní, aċt dob ḟada an tam cinte: agus do ṫuig sé an ní, agus fúair sé tuigse na fisi.
Aċt ata Día ar neaṁ ḟoillsiġeas secréide, agus do ḃeir a ḟios do Nebuċadnessar an ríġ cred ḃías annsna láeṫiḃ deiġionaċa. Isíad so haislingṫe, agus fise do ċinn air do leabuiḋ;
Na ḋiáiġ sin fillfid clann Israel, agus íarrfuid an TIĠEARNA a Ndía, agus Dáiḃi a ríġ; agus biáiḋ eagla an TIĠEARNA orra, agus a mbaiṫeasa annsna laéṫiḃ deiġionaċa.
Aċt annsna laéṫiḃ deiġeanaċa tiucfa a ccríċ, go ndaingneoċṫar slíaḃ ṫiġe an TIĠEARNA a mullaċ na slíaḃ, agus áirdeoċṫar é ós cionn na ccnoc; agus líonfuid daóine ċuige.
Oír atá a nfis fós ċum uáire cinte, aċt fa ḋeóiġ laiḃeoruiḋ sí, agus ní ḋéana sí bréag: má atá go maḋ mall í, feiṫ uirre; do ḃríġ go ttiucfa sí go deiṁin, ní anfa sí.
Agus féuċ, a nois atáim ag dul ċum mo ḋáoine: ar a naḋḃursin, tárr agus foillseoċa mé ḋuit cred do ḋéanuid na dáoinesi red ḋáoiniḃsi annsna laéṫiḃ deiġeanaċa.
Agus tiucfa a gcríċ, a nuair ṫuitfios iomaḋ uilc agus ḃuáiḋriḋ orra, go mbéuruiḋ an dánsa fiaḋnuisi na naġaiḋ; óir ní ḋearmodṫar é as béuluiḃ a sleaċda: óir is aiṫniḋ ḋaṁsa a smuaintiġe ṫionnsgnuid síad, a nois féin, suil do ḃéara mé a steaċ íad don tír do ṁionnuiġ mé ḋóiḃ.
Oír atá ḟios agum tar eís mo ḃáis go ttrúaillfiḋiġ siḃ féin ṫrid amaċ, agus go niompoċuiḋiġ do leaṫ ṫaoiḃ as a tsliġe do ṁúin mé ḋíḃ; agús tuitfiḋ olc oruiḃ an sna laéṫiḃ deiġionaċa; do bríġ go ndéantáoi olc a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA, dá ḃrostuġaḋ ċuin feirge tré oibreaċuiḃ ḃur láṁ.
A nuáir ḃías tú a mḃuaiḋreaḋ, agus ṫiocfas na neiṫesi uile ort, eaḋon annsna laéṫiḃ deiġeanaċa, má ḟiliéann tú ċum an TIĠEARNA do Ḋía, agus go mbía tú uṁal dá ġuṫ;
Cionnas raċmáoidne as, má ḃíonn neaṁṡuim aguinn ann a ċoṁór so do ṡlánuġaḋ; noċ do tionnsgnaṁ do ṡeanmóruġaḋ ar tús ris an Dtíġearna féin, agus do deiṁniġeaḋ ḋúinn ris an druing do ċúaluiḋ é;