13 Aċt do ṡeas prionnsa rioġaċda na Persia riom lá agus fiṫċe: aċt, féuċ, ṫáinic Miċael, áon do na haird ṗrionnsaḋuiḃ, dom ċaḃair; agus do ċoṁnuiġ mé annsin ag ríġṫiḃ na Persia.
Agus annsa namsin seasfuiḋ Miċael súas, an prionnsa mór ṡeasas air son ċloinne do ṗobailsi: agus biáiḋ am buáiḋearṫa ann, a leiṫéid naċ raiḃ a ríaṁ eaḋon go nuige an tamsin: agus annsa namsin sáorfuiġear do ṗobalsa, a nuile ḋuine dá ḃfuiġṫear scrioḃṫa annsa leaḃar.
Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, aċd ré húaċdaranuiḃ, ré cúṁaċduiḃ, ré prionnsuiḋiḃ an doṁuin ḋorċaduis an tsáoġailse, ré droċsbioraduiḃ, noċ atá sna hionaduiḃ árda.
Giḋeaḋ Míċael an tarċaingeal, an tan do ċaṫuiġ sé a naḋuiġ an díaḃail agus do rinne sé diosbóireaċd a dtimċioll ċuirp Ṁáoise, níor laṁ sé breaṫ ṁasluiġeaċ do ḃreiṫ air, aċd a duḃairt sé, Go nimḋearga an Tíġearna ṫú.