7 Dá ttug prionnsa na ccailteanaċ anmanna: óir ṫug sé ar Ḋániel Beltesassar; agus air Hananiah, Sadráċ; agus air Ṁisael, Mesaċ; agus air Asaríah, Abednego.
Agus do ġoir Ṗárao mar ainm do Ióseṗ Saṗnat-Ṗaaneah, agus tug sé mar ṁnáoi ḋó Asénat inġean Ṗotiṗerah sagart On: agus do ċuáiḋ Ióseṗ amaċ ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile.
Agus do rinne Ṗárao‐neċoh ríġ do Eliacim mac Iosiah a náit Iosiah a aṫar, agus ṫug Iehoiacim dainm air, agus rug Iehoahas leis: agus ṫainic don Négipt, agus déug sé annsin.
Agus do coṁráiḋ an ríġ ríu; agus níorfriṫ áon iona measg uile cosṁuil ré Dániel, Hananiah, Misael, agus re Hasariah: uimesin do ṡeasadar a laṫair an ríġ.
Annsa treas ḃliaḋain do Ċírus ríġ na Persia do foillsiġeaḋ ní do Ḋaniel, (dar bainm Beltesassar;) agus do bfíor an ní, aċt dob ḟada an tam cinte: agus do ṫuig sé an ní, agus fúair sé tuigse na fisi.
Annsin díarr Dániel air an ríġ, agus do ċuir sé Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego, ós cionn ġnoṫuiġeaḋ ṗroiḃinnse na Bábilóine: aċt do ṡuiġ Dániel a ngeata an ríġ.
¶ Aċt fa ḋeireaḋ ṫáinic Dániel a steaċ dom laṫair, (dar bainm Beltesassar, do réir anma mo ḋe, agus iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa:) agus dinnis mé a naisling da laṫair, ag ráḋ,
Do ḃríġ gur fríṫ spiorad oirḋeirc, agus éolus, agus tuigsi, cialluġaḋ aislingṫeaḋ, agus taisbeanaḋ cceastanna ccruáiḋ, agus fúasclaḋ cuntaḃart annsa Dániel sin, dá ngoireaḋ an ríġ Beltesassar: a nois goirṫear Dániel, agus foillseoċuiḋ sé an ċíall.