Bíoḋ go mbeiṫ Noah, Daniel, agus Iób, annsin, fa mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, ní ṡaorfuid síad mac nó inġean; ní ṡáorfuid síad aċt a nanmanna féin le ná ḃfíréantaċt.
Agus do coṁráiḋ an ríġ ríu; agus níorfriṫ áon iona measg uile cosṁuil ré Dániel, Hananiah, Misael, agus re Hasariah: uimesin do ṡeasadar a laṫair an ríġ.
Annsin rugaḋ Dániel a steaċ a laṫair an ríġ. Agus do laḃair an ríġ agus a duḃairt ré Dániel, An tusa an Dániel úd, noċ atá do ċlainn daóirsine Iúdah, noċ ṫug an ríġ mo aṫair as tír Iúduiġe?
An sin, an tan do ċuáluiḋ an ríġ na bríaṫraso, do ḃí sé ro ḟeargaċ ris féin, agus do ṡuiġiḋ sé a ċroiḋe ar Ḋániel dá ṡáoraḋ: agus doibriġ se go dul gréine faói dá ṡáoraḋ.
Aċd an tan do ċífiḋe aḋḟuaṫṁuireaċd an léirsgris, air ar laḃair Daniel an fáiḋ, na ṡeasaṁ ann sa nionad nár ċóir, (tuigeaḋ an té léaġas,) ann sin teiṫeaḋ a mbíaiḋ a ttír Iúdaiġe fá na sléiḃtiḃ.