5 Agus dórduiġ an ríġ ḋóiḃ beaṫa láeṫeaṁuil do ḃiaḋ an ríġ, agus do nfíon dar iḃ sé: mar sin agá noileaṁuin trí blíaḋna, go maḋ féidir leó a ccionn na haimsire sin seasaṁ a laṫair an ríġ.
Agus do ḃí Ióseṗ trioċad bliáḋan dáois a nuáir do ṡeas se a laṫair Ṗárao ríġ na Hégipte: agus do ċuáiḋ Ióseṗ amaċ as fiaġnuisi Ṗárao, agus do ċuaiḋ ar feaḋ críċe na Hégipte.
¶ Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA, Má ḟilleann tú, annsin do ḃéura mé líom a rís ṫú, seasfa tú am ḟíaġnuisi: agus má ḃeirionn tú an mórlúaiċ ón ttruáilliġṫe, biaiḋ tú aṁuil mo ḃéul fein: fillidíssion ċugadsa; aċt ná fillsi ċucasan.
Agus do coṁráiḋ an ríġ ríu; agus níorfriṫ áon iona measg uile cosṁuil ré Dániel, Hananiah, Misael, agus re Hasariah: uimesin do ṡeasadar a laṫair an ríġ.
¶ Aċt do ṫríall Dániel iona ċroiḋe naċ saileoċaḋ sé é féin lé cuid bíḋ an ríġ, nó leis an ḃfíon do iḃeaḋ sé: uimesin diarr sé ar ṗrionnsa na ccailteanaċ naċ salċaḋ sé é féin.
Agus ar ḃfreagra don aingeal a duḃairt sé ris, Is misi Gabríel, ṡeasas a ḃfíaḋnuisi Dé; agus do cuireaḋ mé do laḃairt riotsa, agus dinnsin na núaiḋeaċd maiṫ so ḋuit.
Ar a naḋḃarsin déanuiḋ faire, ag guiḋo gaċ uile uair, ionnus go rucasfuiġ gur fiú siḃ dul as ó na neiṫiḃsi uile atá ċum teaċda, agus go seasṁóċaḋ siḃ a ḃfiaḋnuisi Ṁic an duine.