3 Agus do laḃair an ríġ re Aspenas maiġistir a ċailteánaċ, ċor go ttugaḋ sé leis cuid do ċlainn Israel, agus do ṡlioċd an riġ, agus do na prionnsaḋuiḃ;
Agus rug sé Iehoiaċin leis don Ḃabilóin, agus maṫair an ríġ, agus mná an ríġ, agus oifigiḋ, agus cuṁaċduiġ na tire, rug sé íad sin leis a mbraiġdionus ó Ierusalem don Ḃabilóin.
Féuċ, tiúcfuid na láeṫe, iona mbéarṫar a ḃfuil an do ṫiġ, agus ar ċuireadar haiṫre súas a stór gus an ló a niuġ, don Ḃabilóin: ní ḟúigriġear aóinní, a deir an TIĠEARNA.
Anois tárla annsa seaċtṁaḋ mí, go ttáinic Ismael ṁac Netaniah ṁic Elisamah, don tsíol ríoġa, agus prionnsaḋa an ríġ, eaḋon deiṫneaṁar fear leis, go Gedaliah ṁac Ahicam go Mispah; agus annsin a dúadar arán a ḃfoċair a ċéile ann Mispah.