Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 1:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus ṫug an Tiġearna Iehoiacim ríġ Iudah iona láiṁ, maille le cuid do ṡoiṫiġiḃ ṫiġe Dé: noċ rug sé go tír Ṡinár go tiġ a ḋé féin; agus rug sé na soiġṫiġe go tiġ ionnṁuis a ḋé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 1:2
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus bá hé tosaċ a rioġaċda Bábel, agus Ereċ, agus Accad, agus Calneh, a gcríċ Ṡínair.


Agus tarla, ar naistríuġaḋ ḋoiḃ ó naird ṡoir, go ḃfúaradar coṁard a ttír Ṡínáir; agus gur ċoṁnuiġeadar ann sin.


Iona láeṫiḃsion ṫáinic Nebuċadnessar ríġ na Babiloine súas, agus iar mbeiṫ do Iehoiacim na ṡearḃḟoġantuiġ ḋó ar feaḋ ṫrí mbliaḋan: annsin do iompóiġ sé agus do ċuáiḋ a ccogaḋ na aġaiḋ.


¶ Do ḃí Iehoíacim cúig ḃlíaḋna fiṫċiod dáois a núair do ṫosuiġ sé a riġe, agus do ḃí na ríġ éanḃlíaḋuin déag ann Ierusalem: agus do rinne sé go holc a raḋarc a ṪIĠEARNA Dé.


Agus rug Nebuċadnessar leis do ṡoiṫiġiḃ ṫiġe an TIĠEARNA don Ḃabilóin, agus do ċuir iona ṫeampall féin san Ḃabilóin íad.


¶ Mar an ccéadna ṫug Círus an ríġ amaċ soiṫiġe ṫiġe an TIĠEARNA, noċ ṫug Nebuċadnessar amaċ as Ierusalem, agus do ċuir sé a ttiġ a ḋé íad;


Agus tiucfa a ccríċ san ló sin, go ccuirfe an TIĠEARNA a láṁa rís an dara huáir do ṫárṫáil ḟuiġill na ndaóine, noċ fúigfiġear, ó Nassíria, agus ó Négipt, agus ó Ṗatros, agus ó Ċus, agus ó Elam, agus ó Ṡinar, agus ó Hamat, agus ó oiléanuiḃ na fairge.


Cía do ṡeaċuid Iácob mar éadáil, agus Israel do na sladṁóiriġiḃ? naċ déarna an TIĠEARNA, an té ar ṗeacuiḋeamar na aġaiḋ? óir níor ṡiuḃluiġeadar ióna ṡliġṫiḃ, ní mó do ḃádar úṁal dá ḋliġeaḋ.


An ḃriaṫar noċ ṫáinic go Ieremiah a ttaoḃ ṗobail Iúdah uile annsa ċeaṫraṁaḋ blíaḋuin do Iehoiacim ṁac Iosiah ríġ Iúdah, ba hí sin an ċéidḃlíaḋuin do Nebuċadressar ríġ na Babilóine;


¶ Do laḃair mé fós ris na sagartaiḃ agus ris an bpobal so uile, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA; Ná héistiġ ré bríaṫra ḃur ḃfáġ ḟáistineas díḃ, ġa ráḋ, Féuċ, fillfid soiġṫiḋe ṫiġe an TIĠEARNA a nois go goirid ón Ḃabilóin: óir tairrġirid bréag ḋíḃ.


Táoḃ a stiġ do ḋá ḃliaḋuin iomlána do ḃéara mé liom a rís don náitse uile ṡoiṫiġe ṫiġe an TIĠEARNA, rug Nebuċadnessar ríġ na Babilóine leis as a náitse, agus diomċuir sé don Ḃabilóin.


Aċt tárla, a nuáir ṫáinic Nebuċadnessar ríġ na Babilóine súas ċum na tíre, go ndúḃramairne, Tigiḋ, déanam suas go Hierusalem ar eagla ṡlóiġ na Ccaldéanaċ, agus ar eagla ṡlóiġ na Sírianaċ: mar sin dáitreaḃamar ann Ierusalem.


Foillsiġiḋsi a measc na ngeinteaḋ, agus fúagruiḋ, agus cuiriḋ brataċ súas; fúagruiḋ, agus ná ceiliḋ: abruiḋ, Do gaḃaḋ an Ḃabilóin, do claóiḋeaḋ Bel, do briseáḋ Merodaċ na bloḋuiḃ; do milleaḋ a hioḋuil, do briseaḋ a hioṁáiġe na mbloḋuiḃ.


Agus smaiċteoċa misi Bel annsa Ḃabílóin, agus do ḃéara mé amaċ as a ḃéul an ní ṡluig sé súas: agus ní líonfuid na cineaḋaċa a ccionn a ċéile ċuige ní sa ṁó: a seaḋ, tuitfiḋ fós balla na Babilóine.


Annsin rugaḋ Dániel a steaċ a laṫair an ríġ. Agus do laḃair an ríġ agus a duḃairt ré Dániel, An tusa an Dániel úd, noċ atá do ċlainn daóirsine Iúdah, noċ ṫug an ríġ mo aṫair as tír Iúduiġe?


Ṫusa a ríġ, ṫug an Día is ro áirde dot aṫair Nebuċadnessar rioġaċd, agus morḋaċd, agus glóir, agus onóir:


Ar a naḋḃarsin íoḋbruid síad dá líon, agus loiscid túis dá bpaintéur; do ḃriġ go mbí a ccoṁroinn méiṫ leó sin, agus a mbiaḋ fairsing.


Agus a duḃairt seision riom, Do ḋéanaṁ tiġe ḋó a ttír Ṡinar: agus daingneoċṫar é, agus suiġeoċṫar ann sin air a ḃunáit féin é.


Ciondus do ċlaoiḋfeaḋ éanduine míle, agus do ċuirfeaḋ días deiċ míle ċum teiṫṁe, muna reacaḋ a Ccarruicc íad, agus an TIĠEARNA da níaġaḋ suás?


¶ Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Israel, agus do ṡeaċaid sé íad a láṁuiḃ creaċadóireaḋ noċ do ċreaċ íad, agus do reac sé íad a láṁuiḃ a náṁad gaċa táoḃ ḋíoḃ, iondus nar ḟéidir leó seasaḋ ní buḋ faide a laṫair a náṁad.


¶ Uimesin do ḃí fearg an TIĠEARNA teasuiġe a naġaiḋ Israel, agus do reac sé íad a láiṁ Ċusan‐risataim ríġ na Mesopotámia: agus do rinneadar clann Israel serḃis do Ċusan‐risataim oċd mblíaḋna.


Agus do reac an TIĠEARNA íad a láiṁ Iábin ríġ Ċánaain, noċ ba ríġ an Hasor; ba hé caiptín a ṡlóiġ Sisera, noċ dáitreiḃ ann Haroset na Ngeinteaḋ.


A nuáir do ġaḃadar na Ṗilistiniġ aírc Dé, ṫugadar í go tiġ Ḋágon, agus do ċuireadar í láiṁ re Dágon.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ