17 ¶ Ar son an ċeaṫrair leanaḃ so, ṫug Día éolus agus ġocus dóiḃ annsa nuile ḟóġluim agus eagna: agus do ḃí tuigsi ag Dániel annsna huile fiosiḃ agus aislingiḃ.
Féaċ, do rinne mé do réir ṫfocail: féaċ, ṫug mé ḋuit croiḋe glic tuigseaċ; iondus naċ raiḃ éanduine cosṁuil riot roṁad, ni mó éireoċus éanduine ad ḋiáiġ buḋ cosṁuil riot.
Taḃair ḋaṁ anois eagna agus éolus, lé a raċa mé amaċ agus le a ttiucta mé a steaċ roiṁe an bpobalsa: óir cía dá ttig breiṫeaṁnus do ḋéanaṁ air do ṗobal, atá coṁmórsa?
Do háontuiġeaḋ eagna agus éolus duit; agus do ḃéara mé saiḋḃrios duit, agus maóin, agus onóir, á leiṫéid naċ ḃfúair aon do na ríġṫiḃ do ḃí roṁad, agus naċ ḃfuiġe éanduine ad diáiġ a leiṫéid.
Oír do ḃeir Día don duine an ní is maiṫ iona raḋarc eagna, agus éolus, agus sólás: aċt don ṗeacaċ do ḃeir sé sáoṫar, do ċruinniuġaḋ agus do ċur ar muin a ċéile, ċor go ttiuḃraḋ don té is maiṫ a ḃfiaḋnuise Dé. Is díoṁaóineas so fós agus buáiḋreaḋ spioraide.
Agus fuáir an ríġ íad ní buḋ féarr deiċ nuáire náid na draóiṫe agus na hastroluiġṫe úile da raiḃ ann a rioġaċdaiḃ uile, annsna huile ċúisiḃ eagna agus tuicsiona, dar ḟíafruiġ sé ḋíoḃ.
Clann ann naċ raiḃ aineaṁ ar bioṫ, aċt íad sgíaṁaċ, agus glic ann sa nuile eagna, agus géarċúiseaċ san nuile éolus, agus ealaḋuin ṫuigsionuiġ, agus drong agá raiḃ cumas ionta ċum seasta a bpálás an riġ, agus da múinfedís foġluim agus teanga na Ccaldeánaċ.
Annsa treas ḃliaḋain do Ċírus ríġ na Persia do foillsiġeaḋ ní do Ḋaniel, (dar bainm Beltesassar;) agus do bfíor an ní, aċt dob ḟada an tam cinte: agus do ṫuig sé an ní, agus fúair sé tuigse na fisi.
Agus áṫruiġiḋ sé na haimseara agus na huáine: áṫruiġiḋ sé ríġṫe, agus cuiriḋ sé ríġṫe súas: do ḃeir sé eagna do na daóiniḃ glioca, agus eólus don ṁéid aiṫniġios tuigsi:
Buiḋeaċus uáim ḋuit, agus moluim ṫú, a Ḋé maiṫreaḋ, noċ ṫug eagna agus cuṁaċda ḋaṁ, agus dfoillsiġ ḋaṁ anois an ní diarramar ort: óir anois dfoillsiġ tú ḋúinn cúis an ríġ.
Aċt ar mo ṡonsa, ní ḋaṁsa do foillisiġeaḋ an tseicréidsi ar son gliocuis ar biṫ dá raiḃ ionnam ní is mó ná áonduine béo, aċt air son na druinge ḟoillseoċus an ċiall don ríġ, agus ċor go mbía fios smuáineaḋ do ċroiḋe féin agadsa.
Annsa ċéd ḃlíaḋuin do Ḃelsassar ríġ na Babilóine, do ċonnairc Dániel aisling agus fise a ċinn air a leabuiḋ: annsin do scríoḃ sé á naisling, agus dinnis sé suim na mbríaṫar.
Agus a duḃairt seision, Eistiġ annois mo ḃríaṫra: Máta fáiḋ ḃar measc, misi an TIĠEARNA foillseoċad mé féin do a ḃfis, agus laiḃeora mé ris a naislíng.
Agus do réiḋiġ sé é ó nuile ṫrioblóid, agus tug sé grása agus eagna ḋó a ḃfíaḋnuise Ṗárao rí na Héigipte; noċ do rinne úaċdarán de ar a Néigipt agus ar a ṫiġ féin uile.
Uime sin, ón lá fá gcúalamar, ní sguirmíd dá ḃeiṫ ag úrnuiġe ar ḃur son, agus ag aṫċuinġe siḃse do ḃeiṫ líonta déolas a ṫoilesion a nuile éagna agus ṫuidge sbioradalta;
Agus má atá aóinneaċ aguiḃ a neasḃuiḃ éagua, íarruiḋ í air Ḋía, noċ do ḃeir go fairsing úaḋ do na huiliḃ, agus naċ déun maóiḋeaṁ; agus do ḃéurṫar ḋo í.