Annsin féuċṫar air ar ngnúisiḃ dot laṫairsi, agus ar ġnúisiḃ na cloinne iṫios do ċuid ronna biḋ an riġ: agus aṁuil do ċifios tú, déana re do ṡeirḃíseaċaiḃ.
Agus do uṁluiġ sé ṫú, agus do léig ocrus ort, agus do ṡásuiġ sé ṫú lé manna, noċ nár ḃfeas duitse, nó dod aiṫriḃ; ċor go ttiuḃraḋ ort a ḟios do ḃeiṫ agad naċ lé harán aṁáin ḃeaṫuiġear an duine, aċ lé gaċ ní dá ttig as béul an TIĠEARNA ḃíos an duine béo.
Ná bíoḋ eagla éinneiṫe ḋá ḃfuileónguiḋ tú ort: féuċ, teigeuṁuiḋ go dteilgfe an díaḃal cuid aguiḃ a bpríosún, ċum ḃur ndearḃṫa; agus biáiḋ siḃ dá ḃur mbuáiḋreaḋ deiċ lá: bí díleas go bás, agus do ḃéursa ḋuit coróin na beaṫa.