¶ Do ḃí Iehoiacím cúig ḃlíaḋna fiṫċiod daois a nuáir do ṫosuiġ a ríġe; agus do ríoġaiḋ éain blíaḋuin déug ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Sebudah, inġean Ṗedaiah ó Rumah.
Agus rug sé leis as sin ionnṁus ṫiġe an TIĠEARNA uile, agus ionnṁus ṫiġe an ríġ, agus do ġéarr sé na mbloḋuiḃ a nuile ṡoiṫeaċ óir do rinne Solaṁ ríġ Israel a tteampall an TIĠEARNA, mar a duḃairt an TIĠEARNA.
An ḃriaṫar noċ ṫáinic go Ieremiah a ttaoḃ ṗobail Iúdah uile annsa ċeaṫraṁaḋ blíaḋuin do Iehoiacim ṁac Iosiah ríġ Iúdah, ba hí sin an ċéidḃlíaḋuin do Nebuċadressar ríġ na Babilóine;
Aċt tárla, a nuáir ṫáinic Nebuċadnessar ríġ na Babilóine súas ċum na tíre, go ndúḃramairne, Tigiḋ, déanam suas go Hierusalem ar eagla ṡlóiġ na Ccaldéanaċ, agus ar eagla ṡlóiġ na Sírianaċ: mar sin dáitreaḃamar ann Ierusalem.
An focal do láḃair Ieremiah an fáiḋ ré Baruċ ṁac Neriah, a núair do scríoḃ sé na briaṫrasa a leaḃar ó ḃéul Ieremiah, annsa ceaṫraṁaḋ blíaḋain do Iehoiacim ṁic Iosiah ríġ Iúdah, ġá ráḋ,
¶ Annois annsa ċúigeaḋ mí, annsa deaċṁaḋ lá don ṁí, do bé sin an náoṁaḋ blíaḋain déag do Nebuċadressar ríġ na Babilóine, ṫáinic Nebusaradan, caiptín an ġárda, noċ do ḟrioṫoil do ríġ na Babilóine, go Hierusalem,
Annsin rugaḋ Dániel a steaċ a laṫair an ríġ. Agus do laḃair an ríġ agus a duḃairt ré Dániel, An tusa an Dániel úd, noċ atá do ċlainn daóirsine Iúdah, noċ ṫug an ríġ mo aṫair as tír Iúduiġe?