Ar a naḋḃarsin déanuiḋ faire, ag guiḋo gaċ uile uair, ionnus go rucasfuiġ gur fiú siḃ dul as ó na neiṫiḃsi uile atá ċum teaċda, agus go seasṁóċaḋ siḃ a ḃfiaḋnuisi Ṁic an duine.
Ar mbeiṫ díḃ ag úrnuiġe do ṡíor ré gaċ áoin ġné úrnuiġe agus aṫċuinġe trés an Sbiorúid, agus ag féire sá ní gcéudna maille ré gaċ uile ḃúanas agus ġuiḋe ar son na nuile náoṁ;
Uime sin, ón lá fá gcúalamar, ní sguirmíd dá ḃeiṫ ag úrnuiġe ar ḃur son, agus ag aṫċuinġe siḃse do ḃeiṫ líonta déolas a ṫoilesion a nuile éagna agus ṫuidge sbioradalta;
Ar mbeiṫ ḋíḃ ar ḃur ḃfréuṁuġaḋ agus ar ḃur ḃfollamnúġaḋ ann, agus ar ḃur ndaingniuġaḋ sa gcreideaṁ, do réir mar do ṫeaguisgeaḋ siḃ, ag líonaḋ ann díḃ maille ré breiṫ ḃuíḋeaċais.
Agus giḋ bé ar biṫ ní ḋéuntaói a mbreiṫir nó a ngníoṁ, déantar íad uile a nainm an Tíġearna Iósa, ag breiṫ ḃuíḋeaċais díḃ ré Día eaḋon an Taṫair ṫrídsion.
Cuiriḋ Epaṗras, searḃḟoġantuiḋe Ċríosd, noċ is díḃ féin, beannaċd ċuguiḃ, ag déunaṁ sbárna do ṡíor a núrnuiġiḃ ar ḃur son, ċum seasda ḋíḃ go diongṁálta agus líonta a nuile ṫoil Dé.
Os a ċionn sin ar mo ṡonsa, nár léigiḋ Día go ndéanuinn peacaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA an sgur do ġuiḋe ar ḃur son: aċd múinfiḋ mé ḋíḃ an tsliġe ṁaiṫ ḋíreaċ: