Agus gur ṫuirrling an Spiorad Náoṁ a ḃfioġair ċorparḋa mar ċolum air, agus do dtáinic guṫ ó neaṁ, ag ráḋ, Is tú mo Ṁac gráḋaċsa; is ionnadsa a tá mo ḋeaġṫoil.
Agus do rinneaḋ féoil don Ḃreiṫir, agus do ċoṁnuiġ sé eadruinne, (agus do ċunncamar ġlóirsion, mar ġlóir éinġeine Ṁic an Aṫair,) lán do ġrásuiḃ agus dfírinne.
Aċd má ním, gé naċ ccreidtí ḋaṁsa, creidiḋ do na hoibreaċuiḃ: ionnus go naiṫéonaḋ siḃ, agus go gcreidfeaḋ siḃ, go ḃfuil an Taṫair ionnamsa, agus misi annsan.
Ionnus go mbéidis uile náon; mar atá tusa, a Aṫair, ionnamsa, agus misi ionnadsa, ionnus go mbéidision mar an gcéadna na náon ionnuinne: ionnus go gcreidfeaḋ an sáoġal gur tusa do ċuir uáit mé.
Ar a naḋḃarsin ar mbeiṫ ḋúinn do ċinéul Dé, ní coir ḋúinn a ḃreaṫnuġaḋ gur cosṁuil an Díaġaċd ré hór, ná ré hairgead, ná rá cloiċ, ar na graḃáil lé healuiḋin nó lé hinntleaċd ḋáonda.
Oír go deiṁin, do ḃí Día a Gcríosd, ag réiteaċ an tsáoġuil ris féin, gan conntus do ḋéunaṁ ríu fá sa gcionntuiḃ; agus do ċuir sé ionnuíne briaṫar an réitiġ sin.
Agus gan aṁarus as mór seicréod na díaġaċda: Do rinneaḋ Día follas sa ccoluinn, do foillsiġeaḋ é na ḟiréun sam Sbioruid: do ċonncas é ré haingliḃ, do rinneaḋ a ṡéanmóir do na Cineaḋaċuiḃ, do ċreideaḋ ḋó sa tsáoġal, agus do gaḃaḋ súas ċum glóire é.
Aċd atá a ḟios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse ḋúinn, ris an Día ḟíre daiṫniuġaḋ, agus atamuid sa Día ḟíre sin, ann a Ṁac Iósa Críosd. A sé so an fír-Ḋía, agus an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.