Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ccolossianaċ 2:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Aċd a deirim so, deagla go meallfaḋ éunduine siḃ ré hóraḋ bríaṫar:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Adeirim an méid seo ar eagla go meallfaḋ aoinneaċ le clisteaċt cainnte siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ccolossianaċ 2:4
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A ċairde, na creidiġ gaċ éin spiorad, aċd dearḃuiḋ na spioruid an ó Ḋía atáid: óir do ċúadar morán dfáiḋiḃ fallsa amaċ fán doṁan.


Ionnus naċ beimís ó so amaċ ar leanbuiḃ, dár mbogaḋ agus dár nglúasaċd, fa gcuáirt ré gaċ uile ṡuinnéun teaguísg, ré cleasraḋ dáoineaḋ, agus ris an ngliocas ceilge, an a mbíd ag luiġeaċan ċum mealltóireaċd;


Agus ar ḃfreagra Diósa a duḃairt sé riu, Taḃruiḋ dá ḃar naire naċ meallfa eín neaċ siḃ.


Oír is iomḋa mealltóir ṫáinic a steaċ sa dóṁan, naċ adṁuiġeann Iósa Críosd do ṫeaċd a gcoluinn. Gíḋ bé atá mar sin as mealltóir agus ainticríosd é.


Oír éiréoċuid Críosdanna fallsa agus faiḋe fallsa, agus do ḋéunuid coṁarṫuiḋe agus míorṁuile, do ṁeallaḋ, na ndáoine toġṫa féin, dá maḋ éidir é.


Agus raċa sé amaċ do ṁeallaḋ na gcineaḋaċ noċ atá a gceiṫre ċorruiḃ na talṁan, Gog agus Magog, ċum a gcnúsuiġ a gceann a ċéile ċum caṫa; agá ḃfuil a nuiḃir aṁuil ġaineaṁ na fairrge.


Aċd na droċḋáoine agus na mealltóiriġe raċuid air a naġuiḋ sa nolc, ag meallaḋ, agur ar na meallaḋ ḋóiḃ.


Toirmisg ciapáil ḃríaṫar neaṁḋíaġa gan éifeaċd: óir tiucfuiḋ ar a naġuiḋ ċum tuilliḋ neiṁḋiaġaċda.


Ná meallaḋ éainneaċ siḃ ré bríaṫruiḃ dioṁáoineaċa: óir tug fearg Dé ar son na neiṫeannsa ar ċloinn na heasúṁlaċda.


Agus fós éireóċuid dáoine ḋíḃ féin, noċ laiḃeórus neiṫe sáoḃa, ċum deisciobal do ṫarruing na ndiáiġ.


Agus do ṫeilg é sa bpoll duḃaigéin, agus do ḋún, agus do ċuir sé séula air, ionnus naċ meallfaḋ sé na cineaḋaċa ní sa ṁó, go ccoiṁlíonfuiḋ an míle blíaḋan: agus na ḋiáiġ sin is éigean a sgaóileaḋ feaḋ aimsire aiṫġearra.


Uime sin do ḃéuruiḋ na huile ḋaóine áitreaḃas an talaṁ onóir ḋó, an luċd naċ ḃfuilid a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin do marḃaḋ ó ṫosaċ an doṁain.


Agus do teilgeaḋ amaċ an dragún mór, an tseanaiṫir niṁe, dá ngoirṫear an Díaḃal agus Sátan, an tí ṁeallas an doṁan uile: do teilgeaḋ amaċ é fán dtalaṁ, agus do teilgeaḋ amaċ a aingil maille ris.


Do sgríoḃ me na neiṫese ċuguiḃ a dtimċioll na druinge ḃíos da ḃur meallaḋ.


A leanba beaga, atá a naimsir ḋeiġeanaċ ann: agus aṁuil do ċúalaḃair go dtiucfaḋ an tainticríosd, atáid a nois ċeana morán daintícríosduiḃ ar néirġe ann; ar a naiṫniġemíd a naimsir ḋeiġeanaċ do ḃeiṫ a laṫair.


Ná meallaḋ éunduine siḃ a núṁlaċd inntinne agus a dtaḃair onóra daingliḃ, ḋá ṡáṫaḋ féin sna neiṫiḃ naċ ḃfacuiḋ sé ríaṁ, ar na líonaḋ go dioṁaóin ré hinntinn a ċolla féin,


Taḃruiḋ ḃur naire riḃ naċ meallfuiḋ éinneaċ siḃ tré ḟeallsáṁnaċd agus tré ṁealltóireaċd ḋioṁaíun, do réir ṫráċduiġe na ndaóine, do réir ċéudṫosuiġeaḋ an dóṁuin, agus ní do réir Ċríosd.


Agus sin ar son na ndearḃráiṫreaċ ḃfallsa do ḃí ar dteoltóġ a steaċ, noċ do ṫéultóiġ a steaċ do ḃraṫ na saóirse atá aguinn a Níosa Ċríosd ċum ar mbreiṫ fá ḋaóirse:


Giḋeaḋ atá eagla oram, mar do ṁeall naiṫir neiṁe Eúḃá ré na ṁeaḃaill, go dtruáillfiḋe ḃur ninntinnse mar an gcéudna ón tsimpliḋeaċd noċ atá a Gcríosd.


Agus ní raiḃ mo ċoṁráḋ ná mo ṡeanmóir a millseaċd ḃríaṫar an ġliocais dáonna, aċd a ḃfoillsiuġaḋ ḋearḃṫaċd ċúṁaċda na Spioraide:


Oír eiréoċuiḋ Críosdanna fallsa, agus fáiḋ fallsa, agus do ḋeánuid coṁarṫuiḋe agus miorḃuile móra; ionnas go meallfuid síad (da maḋ éidir é) na dáoine toġṫa féin.


Uime sin a deirim so, agus tógḃuim an Tíġearna dfíaḋnuise air, gan siḃse do ṡiúḃal feasda, mar ṡiúḃluid na Cineaḋaċda eíle, a ndioṁáoineas a ninntinne,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ