Agus do rinne se ballaḋa an tiġe a stiġ do ċláruiḃ cédair, aráon urlár an tiġe, agus na ballaḋa don taóḃ a stiġ: agus dfoluiġ sé táoḃ a stiġ íad lé haḋmad, agus dfoluiġ sé urlár an tiġe le cláruiḃ giuṁuis.
Is cosṁuil mo ġraḋ ré poc, no re cáirrḟiaḋ óg: féuċ, seasuiġ sé táoḃ ṡiar dar mballaine, féuċuiḋ sé amaċ air ḟuinneóig, ḋá ṫáisbeanaḋ féin ṫrid an laitis.
Agus áitreoċuid daóine úait na seanáite fasuiġ: tóigfe tú súas bunáite ṁóráin ginealaċ; agus goirfiġear ḋíot, Fear leasuiġṫe an ḃriste, Fear aisigṫe na slíġṫeaḋ áitreaḃ ionta.
Ar son práis do ḃéara mé ór liom, agus ar son íaruinn do ḃéara mé airgiod, agus ar son connaiḋ prás, agus ar son cloċíarrann: do ḋéanad fós síoṫċain dot leaṫtrom, agus dot ḋaoirċíos fíréuntaċd.
Agus ar dteaċd, agus ar gcruinniúġaḋ na heagluise a gceann a ċéile ḋóiḃ, do ḟoillsiġeadar méud na neiṫeann do rinne Día ṫríoṫaḋ, agus gur osgail sé doras an ċreidiṁ do na Cineaḋaċaiḃ.
Fillfiḋ mé na ḋiáiġ so, agus tóigéuḃuiḋ mé súas a rís tábernacuil Ḋáiḃi, atá ar dtuitim; agus cóiréoċaiḋ mé an ní do ṫuit de, agus cuirfiḋ mé súas é a rís: