Agus a dúḃairt sé, Is ní éattrom go mbeiṫeása ad ṡeirḃíseaċ agumsa do ṫógḃáil tréaḃa Iácob súas, agus daiseág ar cuṁduiġeaḋ Disrael: do ḃéara mé fós ṫú mar ṡolus do na geintiḃ, ċor go maḋ tú mo ṡlánuġaḋ go teóruinn na talṁan.
Agus isí Samária an deirḃṡíur as sine agad, í féin agus a hinġeana noċ áitreaḃus ar do láiṁ ċlé: agus do ḋeirḃṡíur is óige, noċ áitreaḃus ar do láiṁ ḋeis, isí Sodom agus a hinġeana.
Annsin cuiṁneoċa tú do ṡliġṫe, agus biáiḋ náire ort, an tan ġlacfus tú do ḋeirḃṡeaṫraċa ċugad, do ḋeirḃṡíur is sine agus is óige: agus do ḃéara mé ḋuit íad mar inġeanaiḃ, aċt ní maille red ċunnraḋsa.
Ṫug mé ort ḟoirlíonaḋ mar ġineaṁuin an ṁaġa, agus do ṁéaduiġ tú agus dfás tú mór, agus ṫáinic tú ċum culaiḋeaċ oirḋearca: do ċumaḋ do ċíċe, agus dfás do ġruáig, a náit a raiḃ tú tárnoċt agus lom.
Agus do ḋéanuid coṁċoṫrom ris an dtalaṁ ṫú, agus do ċlann ionnad a stiġ; agus ní ḟúigfid cloċ ar miuin cloiċe ionnad; tré nar aiṫin tú aimsear ṫfiosruiġṫe.
Agus atáid cáoiriġ eile agam, naċ don ċróso: agus caiṫfiḋ mé iád sin leis do ṫaḃairt leam, agus ésdfid siád mo ġúṫ; agus biáiḋ áonċró aṁáin, agus áonáoḋaire aṁáin ann.
Sé so an té do ḃí sa gcóiṁṫionól ar an ḃfásaċ a ḃfoċair a naingil do laḃair ris ar ṡlíaḃ Sína, agus ré ar naiṫriḃne: noċ do ġlac mar an gcéudna briaṫra na beaṫa ċum a dtaḃarṫa ḋúinne:
Bíoḋ deaġċoinḃearsáid aguiḃ a measg na Gcineaḋaċ: ionnas a náit a niṫiomráiḋ do níd oruiḃ mar luċd miġníoṁ, go maḋ héidir ríu as ma déaġoibriḃ, do ċífid síad, glóir do ṫaḃairt do Ḋía sa lá na ḃfeuċfuiḋ orrṫa.