Agus táinic as sin a nuáir do ċúaluiḋ a ṁaiġistir bríaṫra a ṁná noċ do laḃair sí ris, dá ráḋ, Marso do rinne do ṡeirḃíseaċ rium; go raiḃ a ḟearg ar lasaḋ.
An té a ttarcuisniġṫear an droċḋuine iona ṡúiliḃ; aċd onóruiġios an dream air a mbí eagla an TIĠEARNA. An té noċ ṁionnuiġios ċum a ḋioġḃála féin, agus naċ malartuiġionn.
A nuáir ġaḃus tú ṫríd na huisgeaḋuiḃ, biáiḋ misi ad ḟoċair; agus ṫríd na haiḃniḃ, ní ḟoileoċuid síad ṫú: a nuáir ṡíuḃolas tú ṫríd an tteine, ní loisgfiġear ṫú; ní mó ḋeargfas an lasair ort.