Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Caintic Ṡolaiṁ 8:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Cía hí so ṫig a níos ón ḃfásaċ, ag luiḋe air a gráḋ? do ṫóg mé súas ṫú faói an ċrann aḃaill: annsin ṫug do ṁáṫair amaċ ṫú: annsin ṫug sí amaċ ṫú noċ do rug ṫú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Caintic Ṡolaiṁ 8:5
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Láṁ ḟéola atá leission; aċt atá ar TTIĠEARNA Dia linne ċum cuidiuġaḋ linn, agus do ṫroid ar ccaṫ. Agus do ṡeasadar an pobal aír ḃríaṫruiḃ Heseciah ríġ Iúdah.


Leanaiḋ manam go dlú ort: connṁann do laṁ ḋeas súas mé.


Agus an luċt íarrus manam, ċum a ṁillte, raċaid annsna codċaiḃ is isle don talaṁ.


Mar ḃios a naḃall a measg ċrann na coilleaḋ, marsin ḃios mo ġráḋsa a measg na mac. Do ṡuiġ mé síos fa na scáṫ maille re duil ṁóir, agus do buḋ milis a ṫoraḋ dom ċarbad.


Eírġiḋe amaċ, a inġeana Sion, agus féuċaiḋ aír an ríġ Solaṁ gona ċoróin ler ċoróiniġ a ṁaṫair é a ló a ḋála, agus a ló ġáirdeaċuis a ċroiḋe.


Is goirid do ċuáiḋ mé úaṫa, a núair fuáir mé an té ġráḋuiġios manam: do ċonnuiṁ mé é, agus níor leig mé ḋó imṫeaċt, nó go ttugas go tiġ mo ṁaṫar é, agus go seomra na mná do ġaḃ a mbroinn mé.


¶ Cia hé so ṫig as an ḃfásaċ aṁuil pileuruiḃ deatuiġe, deaġḃolaiḋ le mirr agus lé túis, le huile ṗúdar an ċeannuiġṫe?


¶ Tárr liom as Lebanon, a ḃainċéile, liomsa as Lebanon: féuċ ó ṁullaċ Anána, ó ṁullaċ Ṡenir agus Hermon, ó úaṁuiḃ na leoṁan, ó ṡléiḃtiḃ na leopard.


¶ Cia hí súd ḟéuċus amaċ mar an ṁaidin, breáḋġa mar an ngealuiḋ, gléiġeal mar an ngréin, agus úaṫḃasaċ aṁuil slúaġ go mbrataċaiḃ?


Is trúaġ naċ tusa mo ḋearḃraṫair, do ḋiúil cíċe mo ṁáṫar! a nuáir do ġeaḃuinn amuiġ ṫú, do ṗógfuinn ṫú; ṫairis sin, ní cuirfiḋe a ttarcuisne mé.


Féuċ, dóṫċusaiġ tú a maide giolcuiġe briste, air a Négipt; noċ má luiġionn duine air, raċas ann a láiṁ, agus ṫollfas í: marsin atá Ṗarao ríġ na Hégipte do gaċ áon ċuirios a ḋóiġ ann.


¶ Guṫ an té ḟúagras ann sa ḃfásaċ, Gléasuiḋ sliġe an TIĠEARNA, déanaiḋ díreaċ annsa díoṫraṁ sliġe ṁór dar Ndía.


Féuċ, do ḋéana misi ní núaḋ; a nois fásfuiḋ sé amaċ; naċ aiṫeona siḃse é? eaḋon do ḋéana mé sliġe annsa ḃfásaċ, agus aiḃne annsa díoṫraṁ.


Eíriġ agus éiġ a cclúasaiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA; cuiṁniġim ḋuit cinéul hóige, gráḋ do ḋála, a nuáir do ċuáiḋ tú am ḋiáiġ annsa ḃfásaċ, a ḃfearann naċ ar cuireaḋ.


Aseaḋ, do ḃí cuṁaċt aige ós cionn a naingil, agus rug sé buáiḋ: do ċaói sé, agus do rinne sé guiḋe ċuige: fuáir sé é san Ḃetel, agus annsin do laḃair sé rinne;


Do ní a ccinn sin breiṫeaṁnus air luáiġeaċt, agus teagasguid a sagairt ar ṫúarustal, agus fáistiniġid a ḃfáiġe ar airgiod: giḋeaḋ luiġfid air an TTIĠEARNA, agus a déaruid síad, Naċ ḃfuil an TIĠEARNA ar measg? ní ḟéadann olc ar biṫ teaċt oruinn.


Agus do ḃí áon dá ḋeisciobluiḃ na luiḋe a nuċd Iósa, noċ dob ionṁuin leis.


Ar a naḋḃarsin, a ḃraiṫreaċa, atá siḃse leis marḃ don reaċd tré ċorp Ċríosd; ionnus go mbíaḋ siḃ ag fear eile, eaḋon, ḋosan noċ do tógḃaḋ súas ó ṁarḃaiḃ, ċum sinne toraiḋ ṫaḃairt do Ḋía.


A ċlann ḃeag, agá ḃfuilim a rís ré nioḋnuiḃ ḃur dtimċeall nó go ndealḃṫar Críosd ionnuiḃ,


Noċ ṫrídsean ċreideas a Ndía, do ṫóg súas é ó ṁarḃuiḃ, agus tug gloir ḋó; ionnus go mbeiṫ ḃur gcreideaṁ agus ḃur muiniġin a Ndía.


Agus do ṫeiṫ an ḃeann ċum an ḟásuiġ, mar ar ullṁuiġ Día áit ḋi, ċum a beaṫuiġe ann sin ar feaḋ ṁíle ḋá ċéud agus ṫrí fiċid lá.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ