3 Do ḃíaḋ a láṁ ċlé fám ċeann, agus do ṫeannfaḋ a láṁ ḋeas ris mé.
Atá a láṁ ċlé fam ċionn, agus teannaiḋ a láṁ ḋeas ris mé.
Do ṫréoroċuin ṫú, agus do ḃearuinn go tiġ mo ṁaṫar ṫú, noċ do ṁúinfeaḋ mé: do ḃéuruinn ort ól dfíon mo spíosruiḋe do ṡúġ mo ṗomgranat.
Cuirim dúalaċ oruiḃ, a inġeana Ierusalem, gan a ċorruġaḋ súas, agus gan mo ġráḋ do ḋúsgaḋ, nó go maḋ toil leis.
Aċd a duḃairt sé riom, Is lór ḋuit mo ġrássa: óir iomlánuiġṫear mo ċúṁaċdasa a néugcrúas. Uime sin buḋ ró ṁóide mfonn mórḋáil do ḋéunaṁ as méugcrúasuiḃ, ionnus go ndéanaḋ cúṁaċd Ċríosd cóṁnuiḋe ionnam.
Sé an Día síorruiḋe do áit dídin, agus faói ṡíos atá slúaġ síorruiḋe: agus tiomáinfiḋ sé amaċ an náṁuid roṁad; agus déara sé, Marḃ íad.