Is goirid do ċuáiḋ mé úaṫa, a núair fuáir mé an té ġráḋuiġios manam: do ċonnuiṁ mé é, agus níor leig mé ḋó imṫeaċt, nó go ttugas go tiġ mo ṁaṫar é, agus go seomra na mná do ġaḃ a mbroinn mé.
Eírġiom go moċ gus na fíneaṁnuiḃ; féuċam an ḃfuil an ḟíneaṁuin ag bláṫaḋ, an ḃfuil an ċáor ṁáoṫ ag taisbeanaḋ, agus na pomgranait ag scinneaḋ amaċ: annsin do ḃéara misi mo ġráḋ ḋuit.
Agus atá aguinn bríaṫar na ḃfáiḋeaḋ as deiṁniġe ná sin; dana maiṫ do ní siḃ aire do ṫaḃairt, aṁuil do lóċrann ṡoillsiġeas a nionad ḋorċa go soillsiuġaḋ an láoi, agus go héirġe do réult na maiden ann ḃur gcróiḋṫiḃ:
Agus do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ ċum a onóruiġṫe. Aċd a duḃairt sé riom, Coiṁéid naċ déuna tú sin: as coiṁṡearḃḟoġantuiġe ḋuit mé, agus dod ḋearḃráiṫriḃ agá ḃfuil fíaḋnuise Iósa aca: taḃair onóir do Ḋía: óir a sí fíaḋnuise Iósa spiorad na fáiḋeadóireaċda.