Ná féuċuiḋ orumsa, do ḃríġ go ḃfuilim duḃ, do ċionn gur ḟéuċ an ġrían orum: do ḃádar clann mo ṁaṫar feargaċ riom; do rinneadar coiṁéaduiġ a luḃġoirt ḟíneaṁna ḋíomsa; aċt níor ċoiṁéad mé mfineaṁuin féin.
Mar ḃios a naḃall a measg ċrann na coilleaḋ, marsin ḃios mo ġráḋsa a measg na mac. Do ṡuiġ mé síos fa na scáṫ maille re duil ṁóir, agus do buḋ milis a ṫoraḋ dom ċarbad.
Do ḃí gárḋa fíneaṁna ag Solaṁ ann Baal‐hamon; do ṡuiġiḋ sé an gárḋa fíneaṁna do ċoiṁeaduiḃ; do ḃí ar gaċ aon díoḃ ar son a ṫoruiḋ míle píosa airgid do ṫaḃairt leis.
Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, agus don tréud uile, ar a ndearna an Spiorad Náoṁ easbuig ḋíḃ, do ḃéaṫuġaḋ eagluíse Dé, noċ do ċeannaiġ sé lé na ḟuil féin.