Caintic Ṡolaiṁ 8:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
11 Do ḃí gárḋa fíneaṁna ag Solaṁ ann Baal‐hamon; do ṡuiġiḋ sé an gárḋa fíneaṁna do ċoiṁeaduiḃ; do ḃí ar gaċ aon díoḃ ar son a ṫoruiḋ míle píosa airgid do ṫaḃairt leis.
Agus ré Sárah a dubbairt sé, Féuċ, tug mé dot ḋearḃraṫair míle píosa airgid: féuċ atá sé ḋuitsi na ḟolaċ súl, do nuile da ḃfuil ad ḟoċair, agus a ḃfoċair a nuile eile: mar sin fuáir si aċṁusán.
Ná féuċuiḋ orumsa, do ḃríġ go ḃfuilim duḃ, do ċionn gur ḟéuċ an ġrían orum: do ḃádar clann mo ṁaṫar feargaċ riom; do rinneadar coiṁéaduiġ a luḃġoirt ḟíneaṁna ḋíomsa; aċt níor ċoiṁéad mé mfineaṁuin féin.
Mar ḃios a naḃall a measg ċrann na coilleaḋ, marsin ḃios mo ġráḋsa a measg na mac. Do ṡuiġ mé síos fa na scáṫ maille re duil ṁóir, agus do buḋ milis a ṫoraḋ dom ċarbad.
Eírġiom go moċ gus na fíneaṁnuiḃ; féuċam an ḃfuil an ḟíneaṁuin ag bláṫaḋ, an ḃfuil an ċáor ṁáoṫ ag taisbeanaḋ, agus na pomgranait ag scinneaḋ amaċ: annsin do ḃéara misi mo ġráḋ ḋuit.
Agus do ṫionnsgain sé laḃairt ríu a gcosaṁlaċdaiḃ. Ag ráḋ, Do ċuir duine áiriġṫe fíneaṁuin, agus do ċuir sé fál na timċeall, agus do ṫoċuil sé ionad brúiġte an ḟióna, agus do ṫóg sé tor, agus tug sé ar ċiós do sgológaiḃ í, agus do ċúaiḋ sé féin a goigcríċ.