Anois ar naḋḃarsin, cuir fios agus cruinniġ ċugamsa Israel uile go slíaḃ Carmel, agus faíḋe Ḃaal ceiṫre ċeúd agus caogad, agus fáiġe na ngarrán ceiṫre ċéud, noċ iṫeas ar ḃórd Iesebel.
¶ O mo ċolum, atá a scoiltiḃ na cairge, a náitiḃ secréideaċa na staiġreaḋa, faicim do ġnúis, cluinim do ġuṫ; óir is binn do ġuṫ, agus is breáġa do ġnúis.
Is cuṁaċtaċ an TIĠEARNA do Ḋía ann do lár: tárṫoċa sé, gáirdeoċa sé ós do ċionnsa lé lúaṫġair; coiṁneoċa sé ann a ġráḋ, gáirdeoċa sé ós do ċionn le caintic.