Feuċ, atá tú sgíaṁaċ, a ġráḋ: féuċ, atá tú breáġa; atáid suile coluim agad ann do ċiaḃuiḃ: atá do ġrúag aṁuil tréud gaḃar, noċ do ċíṫior ó ṡlíaḃ Gílead.
Bláṫoċuiḋ sé go líonṁar, gáirdeoċuiḋ sé fós lé lúaṫġáir agus le céol: do ḃéarṫar glóir Lebanon dó, oirḋearcus Ċarmel, agus Ṡáron, do ċífid síad glóir an TIĠEARNA, agus oirḋearcus ar Ndénne.
¶ Beaṫuiġ do ṁuinntir le do ṡlait, tréud hoiġreaċta, noċ ċoṁnuiġios go háonránaċ annsa ċoill, a lár Ċarmel: bíaṫaidís ann Básan agus an Gilead, mar annsna laéṫiḃ a nallod.
Agus naċ ccongṁann sé an Ceann, as a ḃfáġann an corp uile ar mbeiṫ ḋó gan uireasḃaiḋ dlíṫuiġe ré ċéile, tré altuiḃ, agus tré ċoiṁċeangaltuiḃ, fás tré ḟás Dé.