Agus do ċuaiḋ Reúben amaċ a láeṫiḃ foġṁair na cruiṫneaċda, agus fuáir mandrácuiġ sa ṁaċaire, agus tug leis íad ċum a ṁaṫar Léah. Ann sin a duḃairt Ráċel ré Léah, Guiḋim ṫú, taḃair ḋaṁsa cuid do ṁandrácuiḃ do ṁic.
Mar ḃios a naḃall a measg ċrann na coilleaḋ, marsin ḃios mo ġráḋsa a measg na mac. Do ṡuiġ mé síos fa na scáṫ maille re duil ṁóir, agus do buḋ milis a ṫoraḋ dom ċarbad.
¶ Múscail, a ġáoṫ ṫuáiġ; agus tárrsa, a ġáoṫ a neas; séid air mo ġáirddin, ċor go seideaḋ a spíosraḋ amaċ. Tigeaḋ mo ġráḋ ċum a ġáirdin, agus iṫeaḋ sé a ṫórṫa taitneaṁaċa.
Aċt biáiḋ a ceannuiġeaċt agus a túarusdal na náoṁṫaċt don TIĠEARNA: ní hionnṁusfuiġṫear é agus ní cuirfiġear a ttaisgiḋ é: óir biáiḋ a ceannuiġeaċd ag an ndroing aitreaḃus a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA, diṫe a sáiṫe, agus ċum éaduiġ ḃuáin.
Agus a duḃairt seisean ríu, Ar a naḋḃarsin gaċ uile sgrioba atá foġlomṫa ċum ná ríoċaċda neṁḋa is cosṁáil é ré fear tiġe, do ḃeir as a ċisde neiṫer núaḋa agus sean.
Agus freagóruiḋ an Rí agus a déara sé ríu, A deirim riḃ go fírinneaċ, An feaḋ do rinneaḃair é don duine is luġa do na dearḃráiṫreaċaiḃsi agumsa, go ndearnaḃair ḋaṁsa é.
Gan éun ċéud lá don tseaċdṁuin cuireaḋ gaċ áon aguiḃ air leiṫ leis féin, do réir mar do ċuir Día sonas air, ionnus naċ mbiáiḋ tionól ré ḋéunaṁ ar dteaċd daṁsa.
Agus giḋ bé ar biṫ ní ḋéuntaói a mbreiṫir nó a ngníoṁ, déantar íad uile a nainm an Tíġearna Iósa, ag breiṫ ḃuíḋeaċais díḃ ré Día eaḋon an Taṫair ṫrídsion.
Má laḃrann éanneaċ, láḃraḋ mar ḃríáṫra Dé; má ní éainneaċ miniosdrálaċd, déunaḋ í réir na hacfuinne ḃeir Día úaḋ: ionnus go ḃfuiġe Díá glóir sna huile neiṫiḃ tré Iósa Críosd; agá ḃfuil glóir agus cuṁaċda go sáoġal na sáoġal. Amén.