Tarruing misi, rioṫfam ad ḋiáiġ: ṫug an ríġ ḋá ṡeomraḋuiḃ mé: biáiḋ lúaṫġáire oruinn agus do ḋéanam gáirdeaċus ionnadsa, agus cuiṁneoċum do ġráḋ nísa ṁó na fíon: is ionṁuin leis an ḃfírean ṫú.
Eírġiom go moċ gus na fíneaṁnuiḃ; féuċam an ḃfuil an ḟíneaṁuin ag bláṫaḋ, an ḃfuil an ċáor ṁáoṫ ag taisbeanaḋ, agus na pomgranait ag scinneaḋ amaċ: annsin do ḃéara misi mo ġráḋ ḋuit.