¶ O mo ċolum, atá a scoiltiḃ na cairge, a náitiḃ secréideaċa na staiġreaḋa, faicim do ġnúis, cluinim do ġuṫ; óir is binn do ġuṫ, agus is breáġa do ġnúis.
¶ Codluim, aċt músgluiḋ mo ċroiḋe; sé guṫ mo ġráḋuiġ ḃuáilios, ġa ráḋ, Oscuil daṁsa, mo ḋeirḃṡíur, mo ġráḋ, mo ċolum, mo neaṁṫruáilliġṫe: óir atá mo ċeann líonta do ḋrúċt, agus mo ċíaḃa le bráonuiḃ na hoiḋċe.
An ṁéid ġaḃus ṫort buáilid síad a láṁa as do ċoinnesi; do níd siad magaḋ agus croiṫid a ccinn air inġin Ierusalem, ag ráḋ, An í so an ċaṫair dá ngoirdís daóine Iomláine sgéiṁe. Agus sólás an doṁuin uile?
Agus annsa ló sin do ḋeana mé Ierusalem na cloiċ anúaluiġ do nuile ṗobal: géarrfuiġear na ccodċaiḃ gaċ a núaluiġionn íad féin leis, bíoḋ go ccruinneoċaidís daóine na talṁan a ccionn a ċéile na haġaiḋ.
Agus do ċonnairc misi Eóin an ċaṫair náoṁṫa, Ierusalem núaḋ, ag teaċd o Ḋía a núas ó neaṁ, ar na hullṁuġaḋ aṁuil ġléusas bean núaḋṗósda í féin fá ċoṁair a fir.