¶ Múscail, a ġáoṫ ṫuáiġ; agus tárrsa, a ġáoṫ a neas; séid air mo ġáirddin, ċor go seideaḋ a spíosraḋ amaċ. Tigeaḋ mo ġráḋ ċum a ġáirdin, agus iṫeaḋ sé a ṫórṫa taitneaṁaċa.
Ataim ar tteaċt dom ġáirdín, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile: do ċruinniġ mé mo ṁirr, agus mo spíosraḋ; a duáiḋ mé mo ċríaṫar meala maille re mo ṁil; diḃ mé mfíon lem ḃainne: iṫiḋ, a ċairde; iḃiḋ, iḃiḋ fós go lór, a áos gráḋa.
Imṫiḋ an fíréun seaċad, agus ní ċuireann áonduine ann a ċroiḋe é: agus beirṫear na daóine trócaireaċa as, gan áonduine do ċur a suim go mbeirṫear na fíréin as ó nolc atá ag teaċt.
Agus tréoroċuiḋ an TIĠEARNA ṫú a ccoṁnuiḋe, agus sásfuiḋ sé hanam a ttiormaċ, agus do ḋéana sé do ċnáṁa méiṫ: agus buḋ cosṁuil ṫú re gáirdín ar na ḟliuċaḋ, agus cosṁuíl re tobar fioruisce naċ ḃfáilliġid a uisgeaḋa.
Oír mar do ḃeir an talaṁ a ḟás amaċ, agus aṁuil do ḃeir an gáirdín ar na neiṫiḃ cuirṫear ann fás a níos; marsin do ḃéar an Tiġearna DIA fíréanntaċd agus molaḋ dfás súas as coinne na nuile ċríoċ.
Is cuṁaċtaċ an TIĠEARNA do Ḋía ann do lár: tárṫoċa sé, gáirdeoċa sé ós do ċionnsa lé lúaṫġair; coiṁneoċa sé ann a ġráḋ, gáirdeoċa sé ós do ċionn le caintic.
A Aṫair, is áill leam, an dream úd ṫug tú ḋaṁ, do ḃeiṫ am ḟoċair mar a ḃfuilim; ionnus go ḃfaicfidís mo ġlóir, noċ ṫug tusa ḋaṁ: óir do ġráḋuiġ tú mé suil do ċrúṫuiġeaḋ an doṁan.
Oír do ḋéuna an Túan atá a méaḋón na caṫáoireaċ íadsan do ḃeaṫuġaḋ, agus ḋéunuiḋ a dtreóruġaḋ go tiubruidiḃ uisge na beaṫa: agus glanfuiḋ Día a nuile ḋeór ó na súiliḃ.