Caintic Ṡolaiṁ 6:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
11 Do ċuáiḋ mé síos a ngáirdín na ccnó dféuċuin toruiḋ an ġleanna, agus dféuċúin an raiḃ a nfíneaṁuin ag bláṫuġaḋ, agus na pomgranait ag sceinneaḋ amaċ.
Agus as an ttalaṁ do ṫug an TIĠEARNA Día ar gaċ uile ċrann fás noċ is taitneaṁaċ don tsúil agus is maiṫ ċum bíḋ; crann na beaṫa mar an ccéudna a lár an ġáirdín, agus crann feasa maiṫeasa agus uilc.
Agus annsa ḃfíneaṁuin do ḃádur trí beangáin, agus (do ḃí) aṁail do ḃiaḋ ag scinneaḋ amaċ, agus go raiḃ a ḃláṫ ag teaċd amaċ, agus go ttugadur a ttríopuill cáora apuiġe uaṫa.
Ataim ar tteaċt dom ġáirdín, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile: do ċruinniġ mé mo ṁirr, agus mo spíosraḋ; a duáiḋ mé mo ċríaṫar meala maille re mo ṁil; diḃ mé mfíon lem ḃainne: iṫiḋ, a ċairde; iḃiḋ, iḃiḋ fós go lór, a áos gráḋa.
Eírġiom go moċ gus na fíneaṁnuiḃ; féuċam an ḃfuil an ḟíneaṁuin ag bláṫaḋ, an ḃfuil an ċáor ṁáoṫ ag taisbeanaḋ, agus na pomgranait ag scinneaḋ amaċ: annsin do ḃéara misi mo ġráḋ ḋuit.
Agus an tan do ċonnairc sé crann fíge a ḃfad úaḋ ar a raiḃ duilleaḃar, táinic sé, ḋá ḟéuċain an ḃfuiġeaḋ sé éin ní air: agus an tan ṫáinic sé ċuige, ní ḃfúair sé éin ní aċd na duilléoga; óir nír ḃí aimsir na ḃfigiḋe í.
Agus a duḃairt sé ris an ngárradóir, Féuċ, atáim ré trí bliáḋuiḃ ag teaċd diárruiḋ toruiḋ ar an gcrann fígsi, agus ní faġaim: gear é; cred fá gcungṁann sé an fearann go neaṁṫarḃaċ?
Ní siḃsi do ṫog misi, aċd misi do ṫoġ siḃsi, agus do ċuir mé siḃ, ionnus go nimṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go ḃfanfaḋ ḃur dtoraḋ: ar ċor giḋ bé ní íarrfuiḋe a mainmsi ar a Naṫair, go dtioḃraḋ se ḋiḃ é.
Aċd a ndiáiġ láeṫeaḋ áiriġe a duḃairt Pól ré Barnabas, Filleam dféuċain ar mbráiṫreaċ atá ann gaċ áon ċaṫruiġ ann a ndearnamar bríaṫar an Tiġearna do ṡeanmóir, cionnus atáid síad.