Agus biáiḋ sé mar ṡolus na maidne, an nuair éirġios an ġrían, eaḋon ar maidin gan néull; mar an ḃféur min ag fás as an ttalaṁ le deálra glan a ndiáiġ fearṫanna.
Cía hí so ṫig a níos ón ḃfásaċ, ag luiḋe air a gráḋ? do ṫóg mé súas ṫú faói an ċrann aḃaill: annsin ṫug do ṁáṫair amaċ ṫú: annsin ṫug sí amaċ ṫú noċ do rug ṫú.
Cia hé so ṫig ó Edom, maille ré cúlaḋ ḋaite ó Ḃosrah? an té so atá glorṁar a néadaċ, ag siuḃal a méad a neirt? Misi laḃrus a ḃfíréantaċt, cuṁaċtaċ ċum saorṫa.
¶ Aċt díḃse air a ḃfuil eagla manmasa éireoċuiḋ Grían a nionracuis maille ré leiġios iona sciaṫánuiḃ; agus raċfuiḋ siḃ amaċ, agus fásfuiḋ súas mar ġaṁnuiḃ an stalla.
Agus do ḃí aige na láiṁ ḋeis seaċd réulta: agus cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar ag teaċd amaċ as a ḃéul: agus a ġnúis aṁuil ḋeallruiġeas an ġrían ann a láinneart.
Agus do ċonnairc mé aingeal neartṁar eile ag teaċd a núas ón neaṁ, ar na éuduġaḋ do néul: agus an bóġa uisge ar a ċeánn, agus a aġuiḋ mar an ngréin, agus a ċosa cosṁuil ré colamnuiḃ teineaḋ:
Agus do taiḋḃreaḋ cóṁarṫa mór iongantaċ ar neaṁ; bean ar na héuduġaḋ ris an ngréin, agus an ġealaċ fá na cosuiḃ, agus coróin ḋá réult deug air a ceann:
Do ċuir mise Iósa maingeal uáim ċum fíaḋnuise do ḋéunaṁ ḋíḃse ar na neiṫiḃse sna heagluiseaċuiḃ. Is mise fréuṁ agus slióċd Ḋáiḃi, réult ḋeallruiġeaċ na maidne.
Agus ní ḃiáiḋ óiḋċe ann sin; agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ lóċruinn, ná solais gréine orrṫa; óir do ḃeir an Tíġearna Día solas dóiḃ: agus béid síad na ríoġuiḃ go sáoġal na sáoġal.